|
+Airteagal 31a Gníomhartha cur chun feidhme |
Airteagal 31a Gníomhartha cur chun feidhmeAirteagal 31a Gníomhartha cur chun feidhme I gcás inar gá, sa bhreis ar na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2017/1132 agus i gcomhréir le raon feidhme Airteagal 30 agus Airteagal 31 den Treoir seo, glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le hidirnascadh chláir lárnacha na mBallstát amhail dá dtagraítear in Airteagal 30(10) agus Airteagal (31)9, i dtaca leis:
(a)
an tsonraíocht theicniúil lena sainítear sraith na sonraí is gá chun go bhfeidhmeoidh an t-ardán a fheidhmeanna, chomh maith leis an modh ina ndéantar na sonraí sin a stóráil, a úsáid agus a chosaint;
(b)
na critéir chomhchoiteanna ar dá réir atá an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil ar fáil trí chóras idirnasctha na gclár, ag brath ar leibhéal na rochtana a dheonóidh na Ballstáit;
(c)
na sonraí teicniúla ar an gcaoi a gcuirfear an fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla ar fáil;
(d)
na coinníollacha teicniúla a bhaineann le hinfhaighteacht seirbhísí a chuirtear ar fáil faoi chóras idirnasctha na gclár;
(e)
na modúlachtaí teicniúla faoin gcaoi a ndéanfar na cineálacha éagsúla rochtana maidir le húinéireacht thairbhiúil bunaithe ar Airteagal 30(5) agus ar Airteagal 31(4) a chur chun feidhme;
(f)
na modúlachtaí íocaíochta i gcás a bhfuil rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil faoi réir táille a íoc de réir Airteagal 30(5a) agus Airteagal 31(4a), agus áiseanna íocaíochta atá ar fáil, amhail idirbhearta cianíocaíochta á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 64a(2). Ina chuid ghníomhartha cur chun feidhme, féachfaidh an Coimisiún le teicneolaíocht agus gnáthaimh a bhfuil a bhfiúntas cruthaithe cheana féin a athúsáid. Áiritheoidh an Coimisiún nach dtabhóidh na córais atá le forbairt costais os cionn an mhéid atá sár-riachtanach chun forálacha na Treorach seo a chur chun feidhme. Beidh trédhearcacht agus malartú taithí agus faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit mar shaintréith de ghníomhartha cur chun feidhme an Choimisiúin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|