Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm sásraí uathoibrithe láraithe, amhail cláir lárnacha nó córais aisghabhála leictreonacha lárnacha sonraí, lenar féidir a shainaithint, ar bhealach tráthúil, aon daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil cuntais á gcoimeád nó á rialú acu agus cuntais bhainc a shainaithnítear trí IBAN, mar a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
21
) agus taisceadáin a shealbhaíonn institiúid chreidmheasa laistigh dá gcríoch. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le tréithe na sásraí náisiúnta sin.