+Airteagal 32a
---+Airteagal 32a 1.
---+Airteagal 32a 2.
---+Airteagal 32a 3.
---+Airteagal 32a 4.
---+Airteagal 32a 5.

Airteagal 32a

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32a 1.
Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm sásraí uathoibrithe láraithe, amhail cláir lárnacha nó córais aisghabhála leictreonacha lárnacha sonraí, lenar féidir a shainaithint, ar bhealach tráthúil, aon daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil cuntais á gcoimeád nó á rialú acu agus cuntais bhainc a shainaithnítear trí IBAN, mar a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ) agus taisceadáin a shealbhaíonn institiúid chreidmheasa laistigh dá gcríoch. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le tréithe na sásraí náisiúnta sin.
Airteagal 32a 2.
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a shealbhaíonn na sásraí lárnacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo inrochtana go díreach ar bhealach láithreach agus neamhscagtha do FIUnna náisiúnta. Beidh údaráis inniúla náisiúnta in ann rochtain a fháil freisin ar an bhfaisnéis chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gur féidir le haon FIU an fhaisnéis a shealbhaíonn na sásraí lárnacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sholáthar d’aon FIUnna eile ar bhealach tráthúil i gcomhréir le hAirteagal 53.
Airteagal 32a 3.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas inrochtana agus inchuardaithe trí na sásraí lárnacha dá dtagraítear i mír 1:

—

don sealbhóir cuntais custaiméara agus aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an chustaiméara : an t-ainm, comhlánaithe ag sonraí eile sainaitheantais a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear i bpointe (a) d’Airteagal 13(1) nó ag uimhir shaineathantais uathúil;

—

d’úinéir tairbhiúil an tsealbhóra cuntais custaiméara : an t-ainm, comhlánaithe ag sonraí eile sainaitheantais a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear i bpointe (b) d’Airteagal 13(1) nó ag uimhir shaineathantais uathúil;

—

don bhanc nó don chuntas íocaíochta : uimhir IBAN agus dáta oscailte agus dúnta an chuntais.

—

don taisceadán : ainm an léasaí arna chomhlánú ag na sonraí sainaitheantais eile a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear Airteagal 13(1) nó ag uimhir shaineathantais uathúil agus aga na tréimhse léasaithe.

Airteagal 32a 4.
Féadfaidh na Ballstáit breithniú ar a cheangal go mbeidh faisnéis eile, a mheastar a bheith bunriachtanach do FIUnna agus d’údaráis inniúla chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, inrochtana agus inchuardaithe trí na sásraí lárnacha.
Airteagal 32a 5.
Faoin 26 Meitheamh 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle lena ndéanfar meastóireacht ar na coinníollacha agus na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta chun idirnascadh slán agus éifeachtúil na sásraí uathoibrithe láraithe a áirithiú. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015L0849
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.