|
+Airteagal 50a |
Airteagal 50aAirteagal 50a Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar mhalartú faisnéise nó ar chúnamh idir na húdaráis inniúla ná ní chuirfidh siad coinníollacha a bheadh sriantach go míchuí ar an malartú sin chun críocha na Treorach seo. Go háirithe déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nach ndiúltóidh na húdaráis inniúla iarraidh ar chúnamh ar na forais seo a leanas:
(a)
go meastar freisin go bhfuil baint ag an iarraidh le cursaí cánach;
(b)
go gceanglaíonn an dlí náisiúnta ar eintitis faoi oibleagáid rúndacht a choimeád, ach amháin sna cásanna sin ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha a bheidh á lorg in imthosca atá faoi chosaint pribhléid dhlíthiúil nó i gcás ina bhfuil feidhm ag rúndacht ghairmiúil dhlíthiúil, mar a thuairiscítear in Airteagal 34(2);
(c)
go bhfuil fiosrúchán, imscrúdú nó imeacht ar bun sa Bhallstát iarrtha, ach amháin mura gcuirfeadh an cúnamh bac ar an bhfiosrúchán, ar an imscrúdú nó ar an imeacht sin;
(d)
go bhfuil cineál nó stádas an údaráis inniúil contrapháirtí iarrthach éagsúil ó chineál nó stádas an údaráis inniúil iarrtha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|