|
+Airteagal 8a 1. |
Airteagal 8a 1.Ceanglóidh na Ballstáit ar na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fuair údarú cheana de bhun Theideal II de Threoir 2014/65/AE iarratas ar údarú a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 8, an lá a tharlaíonn ceachtar den dá imeacht seo a leanas ar a dhéanaí:
(a)
is ionann meán na sócmhainní iomlána míosúla, arna ríomh thar thréimhse 12 mhí tar éis a chéile, agus EUR 30 billiún nó is mó an meán sin ná EUR 30 billiún; nó
(b)
gur lú ná EUR 30 billiún meán na sócmhainní iomlána míosúla arna ríomh thar thréimhse 12 mhí as a chéile, agus gur cuid de ghrúpa é an gnóthas ina bhfuil luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear aon cheann dá mbrainsí agus dá bhfochuideachtaí atá bunaithe i dtríú tír, a bhfuil sócmhainní iomlána níos lú ná EUR 30 billiún acu ina n-aonar agus a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointí (3) agus (6), a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, cothrom le EUR 30 billiún nó níos mó ná sin, arna ríomh mar mheán thar thréimhse 12 mhí as a chéile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|