+Airteagal 8a Ceanglais shonracha maidir le húdarú institiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
---+Airteagal 8a 1.
---+Airteagal 8a 2.
---+Airteagal 8a 3.
---+Airteagal 8a 3a.
---+Airteagal 8a 4.
---+Airteagal 8a 5.
---+Airteagal 8a 6.
---+Airteagal 8a 7.
---+Airteagal 8a 8.
|
Airteagal 8a Ceanglais shonracha maidir le húdarú institiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8a 1.
|
Ceanglóidh na Ballstáit ar na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fuair údarú cheana de bhun Theideal II de Threoir 2014/65/AE iarratas ar údarú a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 8, an lá a tharlaíonn ceachtar den dá imeacht seo a leanas ar a dhéanaí:
(a)
is ionann meán na sócmhainní iomlána míosúla, arna ríomh thar thréimhse 12 mhí tar éis a chéile, agus EUR 30 billiún nó is mó an meán sin ná EUR 30 billiún; nó
▼M11
(b)
gur lú ná EUR 30 billiún meán na sócmhainní iomlána míosúla arna ríomh thar thréimhse 12 mhí as a chéile, agus gur cuid de ghrúpa é an gnóthas ina bhfuil luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear aon cheann dá mbrainsí agus dá bhfochuideachtaí atá bunaithe i dtríú tír, a bhfuil sócmhainní iomlána níos lú ná EUR 30 billiún acu ina n-aonar agus a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointí (3) agus (6), a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, cothrom le EUR 30 billiún nó níos mó ná sin, arna ríomh mar mheán thar thréimhse 12 mhí as a chéile.
▼M6
|
|
Airteagal 8a 2.
|
Féadfaidh na gnóthais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leanúint de bheith ag déanamh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go dtí go bhfaighidh siad an t‐údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 8a 3.
|
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheidh, an 24 Nollaig 2019, ag déanamh gníomhaíochtaí mar ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE, déanfaidh siad iarratas ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir seo faoin 27 Nollaig 2020.
|
|
Airteagal 8a 3a.
|
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, bunaithe ar an iarratas a fuarthas i gcomhréir leis an mír sin agus ar an bhfaisnéis a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 95a de Threoir 2014/65/AE, féadfaidh an t-údarás inniúil, tar éis iarraidh a fháil ó ghnóthas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an ceanglas údarú a fháil mar institiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir seo a tharscaoileadh don ghnóthas sin. Tar éis dó iarraidh ar tharscaoileadh a fháil, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoi sin do ÚBE. Eiseoidh ÚBE tuairim maidir leis an iarraidh sin ar tharscaoileadh laistigh de 1 mhí amháin ón bhfógra a fháil ón údarás inniúil. Déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh, agus tuairim ÚBE agus na heilimintí seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh aige:
(a)
i gcás inar cuid de ghrúpa é an gnóthas, struchtúr eagraíochtúil an ghrúpa sin, na cleachtais áirithinte reatha laistigh den ghrúpa agus leithdháileadh na sócmhainní i measc eintitis an ghrúpa;
(b)
cineál, méid agus castacht na ngníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe agus san Aontas ar an iomlán;
(c)
an tábhacht agus an riosca sistéamach a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe agus san Aontas ar an iomlán.
I gcás ina n-imíonn cinneadh an údaráis inniúil ón tuairim a thug ÚBE, luafaidh an t-údarás inniúil na cúiseanna chuige sin sa chinneadh uaidh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoina chinneadh don ghnóthas lena mbaineann agus do ÚBE. Foilseoidh ÚBE an cinneadh sin, mar aon lena thuairim, ar a shuíomh gréasáin. Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar a chinneadh gach 3 bliana.
|
|
Airteagal 8a 4.
|
I gcás ina gcinnfidh an t‐údarás inniúil, tar éis dó an fhaisnéis a fháil i gcomhréir le hAirteagal 95a de Threoir 2014/65/EU go bhfuil nach mór gnóthas a údarú mar institiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir seo, tabharfaidh sé fógra don ghnóthas agus don údarás inniúil mar a shainmhínítear é i bpointe (26) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus glacfaidh sé an nós imeachta údarúcháin air féin ó dháta an fhógra sin.
|
|
Airteagal 8a 5.
|
I gcásanna ina ndéanfar ath-údarú, áiritheoidh an t‐údarás inniúil údarúcháin go ndéanfar an próiseas a chuíchóiriú a mhéid is féidir agus go gcuirfear san áireamh an fhaisnéis ó na húdaruithe atá ann cheana.
|
|
Airteagal 8a 6.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
an fhaisnéis a bheidh le tabhairt ag an ngnóthas do na húdaráis inniúla san iarratas ar an údarú, lena n‐áirítear clár na n‐oibríochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 10;
(b)
an mhodheolaíocht chun na tairseacha a ríomh dá dtagraítear i mír 1.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020.
|
|
Airteagal 8a 7.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú breise a dhéanamh ar na gnéithe atá le cur san áireamh ag an údarás inniúil agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le tarscaoileadh a dheonú i gcomhréir le mír 3a, agus, go háirithe, ábharthacht riosca creidmheasa an chontrapháirtí ar a bhfuil gnóthas neamhchosanta á cur san áireamh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 8a 8.
|
Faoin 31 Nollaig 2028, cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tarscaoileadh a úsáid dá dtagraítear i mír 3a den Airteagal seo agus maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 4(1), pointe (1)(b)(iii), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|