+Airteagal 8a 3a.

Airteagal 8a 3a.

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, bunaithe ar an iarratas a fuarthas i gcomhréir leis an mír sin agus ar an bhfaisnéis a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 95a de Threoir 2014/65/AE, féadfaidh an t-údarás inniúil, tar éis iarraidh a fháil ó ghnóthas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an ceanglas údarú a fháil mar institiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir seo a tharscaoileadh don ghnóthas sin.

Tar éis dó iarraidh ar tharscaoileadh a fháil, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoi sin do ÚBE. Eiseoidh ÚBE tuairim maidir leis an iarraidh sin ar tharscaoileadh laistigh de 1 mhí amháin ón bhfógra a fháil ón údarás inniúil. Déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh, agus tuairim ÚBE agus na heilimintí seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh aige:

(a) 

i gcás inar cuid de ghrúpa é an gnóthas, struchtúr eagraíochtúil an ghrúpa sin, na cleachtais áirithinte reatha laistigh den ghrúpa agus leithdháileadh na sócmhainní i measc eintitis an ghrúpa;

(b) 

cineál, méid agus castacht na ngníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe agus san Aontas ar an iomlán;

(c) 

an tábhacht agus an riosca sistéamach a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe agus san Aontas ar an iomlán.

I gcás ina n-imíonn cinneadh an údaráis inniúil ón tuairim a thug ÚBE, luafaidh an t-údarás inniúil na cúiseanna chuige sin sa chinneadh uaidh.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoina chinneadh don ghnóthas lena mbaineann agus do ÚBE. Foilseoidh ÚBE an cinneadh sin, mar aon lena thuairim, ar a shuíomh gréasáin.

Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar a chinneadh gach 3 bliana.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.