+Airteagal 91 1d.

Airteagal 91 1d.

Áiritheoidh na Ballstáit ar a laghad, i gcás na n-eintiteas seo a leanas, go bhfaighidh an t-údarás inniúil iarratas oiriúnachta gan moill mhíchuí, agus a luaithe a bheidh rún soiléir ann comhalta den chomhlacht bainistíochta a cheapadh ina fheidhm bhainistíochta nó cathaoirleach an chomhlachta bainistíochta a cheapadh ina fheidhm mhaoirseachta, agus, ar a dhéanaí, 30 lá oibre sula rachaidh na comhaltaí ionchasacha i mbun a bpoist:

(a) 

máthairinstitiúidí AE atá cáilithe mar institiúidí móra;

(b) 

máthairinstitiúidí i mBallstát atá cáilithe mar institiúidí móra, seachas i gcás ina bhfuil siad cleamhnaithe le comhlacht lárnach;

(c) 

comhlachtaí lárnacha atá cáilithe mar institiúidí móra nó a dhéanann maoirseacht ar institiúidí móra atá cleamhnaithe leo;

(d) 

institiúidí neamhspleácha san Aontas atá cáilithe mar institiúidí móra;

(e) 

fochuideachtaí móra mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1), pointe (147), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(f) 

máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais AE agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, a bhfuil institiúidí móra laistigh dá ngrúpa, cé is moite díobh siúd a thagann faoi Airteagal 21a(4) den Treoir seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.