+Airteagal 91 Comhlacht bainistíochta agus measúnú oiriúnachta
---+Airteagal 91 1.
---+Airteagal 91 1a.
---+Airteagal 91 1b.
---+Airteagal 91 1c.
---+Airteagal 91 1d.
---+Airteagal 91 1e.
---+Airteagal 91 1f.
---+Airteagal 91 1g.
---+Airteagal 91 1h.
---+Airteagal 91 1i.
---+Airteagal 91 1j.
---+Airteagal 91 2.
---+Airteagal 91 2a.
---+Airteagal 91 2b.
---+Airteagal 91 3.
---+Airteagal 91 4.
---+Airteagal 91 5.
---+Airteagal 91 6.
---+Airteagal 91 7.
---+Airteagal 91 8.
---+Airteagal 91 9.
---+Airteagal 91 10.
---+Airteagal 91 11.
---+Airteagal 91 12.
---+Airteagal 91 13.
---+Airteagal 91 14.
|
Airteagal 91 Comhlacht bainistíochta agus measúnú oiriúnachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 91 1.
|
Is ar institiúidí, agus ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 21a(1), (“na heintitis”), a bheidh an phríomhfhreagracht as a áirithiú go mbeidh a ndóthain dea-cháile i gcónaí ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, go ngníomhóidh siad ar bhealach macánta, ionraic agus le neamhspleáchas intinne agus go bhfuil eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach acu chun a ndualgais a chur i gcrích agus chun na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo a chomhlíonadh, cé is moite de riarthóirí sealadacha arna gceapadh ag údaráis inniúla faoi Airteagal 29(1) de Threoir 2014/59/AE agus bainisteoirí speisialta arna gceapadh ag údaráis réitigh faoi Airteagal 35(1) den Treoir sin. Ní leor ann féin duine a bheith gan ciontú coiriúil nó gan aon ionchúiseamh a bheith ar siúl ina leith faoi láthair i gcion coiriúil chun an ceanglas maidir le dea-cháil agus gníomhú ar bhealach macánta, ionraic a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 91 1a.
|
Áiritheoidh na heintitis go gcomhlíonfaidh comhaltaí an chomhlachta bainistíochta na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 i gcónaí agus déanfaidh siad measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, agus na hionchais mhaoirseachta á gcur san áireamh, sula rachaidh siad i mbun a bpost agus go tréimhsiúil, mar a leagtar síos sna dlíthe agus sna rialacháin, sna treoirlínte agus sna beartais oiriúnachta inmheánacha is infheidhme. Mar sin féin, i gcás ina mbíonn comhaltaí nuacheaptha le cur in ionad thromlach chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta ag an am céanna agus go dtiocfadh as cur i bhfeidhm na chéad fhomhíre cás ina ndéanfadh na comhaltaí atá ag dul as oifig measúnú oiriúnachta ar na comhaltaí nua, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt an measúnú a dhéanamh tar éis do na comhaltaí nuacheaptha dul i mbun a bpoist. Agus an t-iarratas á chur faoi bhráid an údaráis inniúil, i gcomhréir le mír 1f, dearbhóidh an t-eintiteas freisin gurb ann do na cúinsí sin.
|
|
Airteagal 91 1b.
|
I gcás ina gcinneann na heintitis, bunaithe ar an measúnú inmheánach ar oiriúnacht dá dtagraítear i mír 1a, nach gcomhlíonann an comhalta nó an comhalta ionchasach lena mbaineann na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1, déanfaidh na heintitis an méid seo a leanas:
(a)
a áirithiú nach rachaidh an comhalta ionchasach lena mbaineann i mbun an phoist atá á mheas i gcás ina bhfuil an measúnú sin déanta sula rachaidh an comhalta ionchasach i mbun an phoist sin;
(b)
comhalta den sórt sin a bhaint den chomhlacht bainistíochta, go tráthúil; nó
(c)
na bearta breise a dhéanamh, go tráthúil, is gá chun a áirithiú go bhfuil comhalta den sórt sin oiriúnach don phost lena mbaineann nó go dtiocfaidh comhalta den sórt sin chun bheith oiriúnach don phost sin.
|
|
Airteagal 91 1c.
|
Áiritheoidh na heintitis go leanfaidh an fhaisnéis maidir le hoiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta de bheith cothrom le dáta. Soláthróidh na heintitis an fhaisnéis sin, arna iarraidh sin, don údarás inniúil trí mhodhanna arna gcinneadh ag an údarás inniúil.
|
|
Airteagal 91 1d.
|
Áiritheoidh na Ballstáit ar a laghad, i gcás na n-eintiteas seo a leanas, go bhfaighidh an t-údarás inniúil iarratas oiriúnachta gan moill mhíchuí, agus a luaithe a bheidh rún soiléir ann comhalta den chomhlacht bainistíochta a cheapadh ina fheidhm bhainistíochta nó cathaoirleach an chomhlachta bainistíochta a cheapadh ina fheidhm mhaoirseachta, agus, ar a dhéanaí, 30 lá oibre sula rachaidh na comhaltaí ionchasacha i mbun a bpoist:
(a)
máthairinstitiúidí AE atá cáilithe mar institiúidí móra;
(b)
máthairinstitiúidí i mBallstát atá cáilithe mar institiúidí móra, seachas i gcás ina bhfuil siad cleamhnaithe le comhlacht lárnach;
(c)
comhlachtaí lárnacha atá cáilithe mar institiúidí móra nó a dhéanann maoirseacht ar institiúidí móra atá cleamhnaithe leo;
(d)
institiúidí neamhspleácha san Aontas atá cáilithe mar institiúidí móra;
(e)
fochuideachtaí móra mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1), pointe (147), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(f)
máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais AE agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, a bhfuil institiúidí móra laistigh dá ngrúpa, cé is moite díobh siúd a thagann faoi Airteagal 21a(4) den Treoir seo.
|
|
Airteagal 91 1e.
|
Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas oiriúnachta dá dtagraítear i mír 1d:
(a)
ceistneoir oiriúnachta agus curriculum vitae;
(b)
an measúnú inmheánach ar oiriúnacht dá dtagraítear i mír 1a, ach amháin má tá feidhm ag an mír sin;
(c)
taifid choiriúla, a luaithe a bheidh siad ar fáil;
(d)
aon doiciméid eile a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta, a luaithe a bheidh siad ar fáil;
(e)
aon doiciméid eile atá liostaithe ag an údarás inniúil, a luaithe a bheidh siad ar fáil; agus
(f)
léiriú ar dháta an cheapacháin agus an dáta iarbhír a rachfar i mbun na ndualgas.
Soláthróidh na heintitis an t-iarratas oiriúnachta agus na doiciméid a ghabhann leis don údarás inniúil trí mhodhanna arna gcinneadh ag an údarás inniúil sin. I gcás nach bhfuil dóthain faisnéise ag údarás inniúil chun an measúnú oiriúnachta a dhéanamh bunaithe ar na míreanna a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh sé a cheangal nach rachaidh an comhalta ionchasach i mbun an phoist sula soláthrófar an fhaisnéis is gá, ach amháin má tá an t-údarás inniúil sásta nach féidir an fhaisnéis sin a sholáthar. I gcás ina bhfuil imní ar an údarás inniúil faoi na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo a bheith nó gan a bheith á gcomhlíonadh ag an gcomhalta ionchasach, rachaidh sé i mbun idirphlé feabhsaithe leis an institiúid chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a sainaithníodh d’fhonn a áirithiú go bhfuil an comhalta ionchasach oiriúnach nó go dtiocfaidh sé chun bheith oiriúnach nuair a rachaidh sé i mbun an phoist. Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun a shonrú cén dóigh a ndéanfar an t-idirphlé feabhsaithe chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le hoiriúnacht.
|
|
Airteagal 91 1f.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar cibé acu a bhíonn nó nach mbíonn na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 á gcomhlíonadh i gcónaí ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta. Déanfaidh na heintitis an t-iarratas oiriúnachta agus faisnéis eile is gá chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí a gcomhlachta bainistíochta a sholáthar don údarás inniúil trí mhodhanna arna gcinneadh ag an údarás inniúil sin. Féadfaidh údaráis inniúla faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh, lena n-áirítear agallaimh nó éisteachtaí.
|
|
Airteagal 91 1g.
|
Fíoróidh na húdaráis inniúla, go háirithe, an mbíonn na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo á gcomhlíonadh i gcónaí i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu lena cheapadh go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 á dhéanamh nó go ndearnadh a leithéid nó go ndearnadh iarracht a leithéid a dhéanamh, nó gur mó an riosca go dtarlóidh siad sin anois, i ndáil leis an eintiteas.
|
|
Airteagal 91 1h.
|
I gcás nach mbíonn na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 á gcomhlíonadh i gcónaí ag comhaltaí den chomhlacht bainistíochta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
i gcás measúnú ex ante, a áirithiú nach ndéanfar de na comhaltaí sin comhaltaí den chomhlacht bainistíochta, nó go ndéanfar iad a bhaint den chomhlacht sin;
(b)
i gcás measúnú ex post, na comhaltaí sin a bhaint den chomhlacht bainistíochta; nó
(c)
ceangal a chur ar na heintitis lena mbaineann na bearta breise a dhéanamh, is gá chun a áirithiú go bhfuil na comhaltaí sin oiriúnach don phost nó go dtiocfaidh comhaltaí den sórt sin chun bheith oiriúnach don phost lena mbaineann.
A luaithe is eol aon fhíorais nua nó aon imthosca eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, déanfaidh na heintitis athmheasúnú ar oiriúnacht na gcomhaltaí sin, agus cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. I gcás ina bhfaighidh an t-údarás inniúil amach go bhfuil athrú tagtha ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le hoiriúnacht chomhaltaí an chomhalta bainistíochta agus go bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht na gcomhaltaí lena mbaineann, déanfaidh an t-údarás inniúil a n-oiriúnacht a athmheasúnú. Ní chuirfear ceangal ar na húdaráis inniúla athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta nuair a dhéantar athnuachan ar a sainordú, ach amháin má tháinig athrú ar fhaisnéis ábhartha a bhfuil na húdaráis inniúla ar an eolas fúithi agus más rud é go bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht an chomhalta lena mbaineann.
|
|
Airteagal 91 1i.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfrithsciúradh airgid nó comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 an fhaisnéis ábhartha a bhaineann le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta a cheadú i gcomhthéacs a bhfíoraithe agus ar bhonn riosca-íogair. Féadfaidh údaráis inniúla rochtain a iarraidh freisin ar an mbunachar sonraí lárnach AML/CFT dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
32
). Cinnfidh an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta a bunaíodh leis an Rialachán sin (“an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta”), an ndéanfaidh sé rochtain den sórt sin a dheonú nó gan a dheonú.
|
|
Airteagal 91 1j.
|
Ar a laghad maidir le ceapadh chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta do phost sna heintitis dá dtagraítear i mír 1d, féachfaidh na húdaráis inniúla ar cheart tréimhse uasta a shocrú a ndéanfaí an measúnú oiriúnachta a chur i gcrích lena linn. D’fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse uasta sin, i gcás inarb iomchuí.
|
|
Airteagal 91 2.
|
Caithfidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta dóthain ama chun feidhmeanna an chomhalta sin a chomhlíonadh sna heintitis.
|
|
Airteagal 91 2a.
|
Beidh dea-cháil ar gach comhalta den chomhlacht bainistíochta, gníomhóidh siad ar bhealach macánta, ionraic agus le neamhspleáchas intinne chun cinntí an chomhlachta bainistíochta a mheasúnú ar bhealach éifeachtach agus a cheistiú, i gcás inar gá, agus chun formhaoirseacht agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chinnteoireacht na bainistíochta. Ní bac ann féin ar ghníomhú le neamhspleáchas intinne duine a bheith ina chomhalta de chomhlacht bainistíochta de chuid institiúide creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach.
|
|
Airteagal 91 2b.
|
Beidh an t-eolas, na scileanna agus an taithí leordhóthanach ag an gcomhlacht bainistíochta ina iomláine chun tuiscint a bheith aige ar ghníomhaíochtaí an eintitis, chomh maith leis na rioscaí gaolmhara a bhfuil sé neamhchosanta orthu, agus na tionchair a chruthaíonn sé sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus aird á tabhairt ar na tosca CSR. Beidh a dhóthain éagsúlachta ag an gcomhlacht bainistíochta le go mbeidh réimse leathan leordhóthanach taithí aige.
|
|
Airteagal 91 3.
|
Cuirfear san áireamh sa líon stiúrthóireachtaí a fhéadfaidh comhalta den chomhlacht bainistíochta a shealbhú go comhuaineach imthosca aonair agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an eintitis. Ach amháin i gcás ina ndéanann comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ionadaíocht ar leasanna Ballstáit, ón 1 Iúil 2014, ní shealbhóidh comhaltaí an chomhlachta bainistíochta in eintiteas atá mór i dtéarmaí a mhéide, a eagrúcháin inmheánaigh, a chineáil, agus raon feidhme agus chastacht a ghníomhaíochtaí, níos mó ná ceann amháin de na teaglamaí seo a leanas de stiúrthóireachtaí go comhuaineach:
(a)
stiúrthóireacht feidhmiúcháin amháin le dhá stiúrthóireacht nach stiúrthóireachtaí feidhmiúcháin iad;
(b)
ceithre stiúrthóireacht nach stiúrthóireachtaí feidhmiúcháin iad.
|
|
Airteagal 91 4.
|
Chun críocha mhír 3, áireofar iad seo a leanas mar stiúrthóireacht amháin:
(a)
stiúrthóireachtaí feidhmiúcháin nó stiúrthóireachtaí nach stiúrthóireachtaí feidhmiúcháin iad a shealbhaítear laistigh den ghrúpa céanna;
(b)
stiúrthóireachtaí feidhmiúcháin nó stiúrthóireachtaí nach stiúrthóireachtaí feidhmiúcháin iad a shealbhaítear laistigh de cheachtar díobh seo a leanas:
(i)
eintitis ar comhaltaí iad den scéim cosanta institiúideach chéanna ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó eintitis a bhfuil sealúchas cáilitheach ag an scéim cosanta institiúideach chéanna iontu;
(ii)
gnóthais, lena n-áirítear eintitis nach eintitis airgeadais iad, a bhfuil sealúchas cáilitheach ag an eintiteas iontu.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den mhír seo, ciallaíonn grúpa grúpa gnóthas a bhfuil baint acu lena chéile mar a leagtar amach in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE nó grúpa gnóthas ar fochuideachtaí iad den chuideachta sealbhaíochta airgeadais chéanna nó den chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha chéanna.
|
|
Airteagal 91 5.
|
Ní chuirfear san áireamh chun críocha mhír 3 stiúrthóireachtaí in eagraíochtaí nach saothraíonn cuspóirí ar cuspóirí tráchtála iad den chuid is mó.
|
|
Airteagal 91 6.
|
Féadfaidh údaráis inniúla comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a údarú chun stiúrthóireacht bhreise amháin a bheith acu nach stiúrthóireacht feidhmiúcháin í.
|
|
Airteagal 91 7.
|
Cuirfidh eintitis acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha ar fáil d’ionduchtú agus d’oiliúint chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, lena n-áirítear maidir le rioscaí agus tionchair CSR agus maidir le riosca TFC mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (52c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Airteagal 91 8.
|
Ceanglóidh na Ballstáit nó na húdaráis inniúla ar eintitis agus ar a gcoistí ainmniúcháin faoi seach, i gcás ina bhfuil siad sin bunaithe, sraith leathan cáilíochtaí agus inniúlachtaí a chuardach agus comhaltaí á n-earcú acu agus an éagsúlacht agus cothromaíocht inscne a chur chun cinn go comhréireach sa chomhlacht bainistíochta. Chun na críche sin, déanfaidh eintitis beartas lena gcuirtear éagsúlacht chun cinn sa chomhlacht bainistíochta a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 91 9.
|
Baileoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a nochtar i gcomhréir le hAirteagal 435(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus úsáidfidh siad an fhaisnéis sin chun cleachtais éagsúlachta a thagarmharcáil. Soláthróidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin do ÚBE. Úsáidfidh ÚBE an fhaisnéis sin chun cleachtais éagsúlachta a thagarmharcáil ar leibhéal an Aontais.
|
|
Airteagal 91 10.
|
Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 91a, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na n-eintiteas a liostaítear i mír 1d den Airteagal seo chun tuilleadh sonrúcháin a dhéanamh ar inneachar íosta an cheistneora oiriúnachta, curricula vitae agus an mheasúnaithe inmheánaigh ar oiriúnacht atá le cur faoi bhráid na n-údarás inniúil chun an measúnú oiriúnachta dá dtagraítear i mír 1f den Airteagal seo agus in Airteagal 91a(5) a dhéanamh. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar caighdeáin iomchuí a fhorbairt d’eintitis seachas na heintitis sin dá dtagraítear i mír 1d den Airteagal seo. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 91 11.
|
Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
an coincheap dóthain ama a bheith á chaitheamh ag comhalta comhlachta bainistíochta chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, trí thagairt do na himthosca aonair agus do chineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an eintitis;
(b)
coincheapa dea-cháil, macántacht, ionracas agus neamhspleáchas intinne comhalta comhlachta bainistíochta dá dtagraítear i mír 2a;
(c)
coincheap eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach a bheith ag an gcomhlacht bainistíochta ina iomláine dá dtagraítear i mír 2b;
(d)
coincheap acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a bheith á gcur ar fáil d’ionduchtú agus d’oiliúint chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta dá dtagraítear i mír 7;
(e)
coincheap na héagsúlachta atá le cur san áireamh agus comhaltaí an chomhlachta bainistíochta á roghnú dá dtagraítear i mír 8;
(f)
na critéir chun a chinneadh an bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 á dhéanamh nó go ndearnadh iarracht é a dhéanamh, nó gur mó an riosca go dtarlóidh siad sin, i dtaca leis an eintiteas.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (f), comhoibreoidh ÚBE go dlúth le ESMA agus leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta.
|
|
Airteagal 91 12.
|
Faoin 31 Nollaig 2029, déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le BCE, athbhreithniú agus tuairisciú ar chur i bhfeidhm mhíreanna 1d go 1j agus ar a éifeachtaí atá siad chun a áirithiú go mbeidh an creat “cuí cóir” oiriúnach don fheidhm, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh. Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ar bhonn na tuarascála sin, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach, más iomchuí.
|
|
Airteagal 91 13.
|
Ní dochar an tAirteagal seo ná Airteagal 91a d’fhorálacha na mBallstát maidir le hionadaíocht na bhfostaithe sa chomhlacht bainistíochta.
|
|
Airteagal 91 14.
|
Ní dochar an tAirteagal seo ná Airteagal 91a d’fhóralacha na mBallstát maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a bheith á gceapadh ina fheidhm mhaoirseachta ag comhlachtaí tofa réigiúnacha nó áitiúla nó maidir le ceapacháin i gcás nach bhfuil aon inniúlacht ag an gcomhlacht bainistíochta sa phróiseas a bhaineann lena chomhaltaí a roghnú agus a cheapadh. Sna cásanna sin, cuirfear coimircí iomchuí i bhfeidhm chun oiriúnacht na gcomhaltaí sin den chomhlacht bainistíochta a áirithiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|