|
+Airteagal 91 1h. |
Airteagal 91 1h.I gcás nach mbíonn na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 á gcomhlíonadh i gcónaí ag comhaltaí den chomhlacht bainistíochta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
i gcás measúnú ex ante, a áirithiú nach ndéanfar de na comhaltaí sin comhaltaí den chomhlacht bainistíochta, nó go ndéanfar iad a bhaint den chomhlacht sin;
(b)
i gcás measúnú ex post, na comhaltaí sin a bhaint den chomhlacht bainistíochta; nó
(c)
ceangal a chur ar na heintitis lena mbaineann na bearta breise a dhéanamh, is gá chun a áirithiú go bhfuil na comhaltaí sin oiriúnach don phost nó go dtiocfaidh comhaltaí den sórt sin chun bheith oiriúnach don phost lena mbaineann. A luaithe is eol aon fhíorais nua nó aon imthosca eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, déanfaidh na heintitis athmheasúnú ar oiriúnacht na gcomhaltaí sin, agus cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. I gcás ina bhfaighidh an t-údarás inniúil amach go bhfuil athrú tagtha ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le hoiriúnacht chomhaltaí an chomhalta bainistíochta agus go bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht na gcomhaltaí lena mbaineann, déanfaidh an t-údarás inniúil a n-oiriúnacht a athmheasúnú. Ní chuirfear ceangal ar na húdaráis inniúla athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta nuair a dhéantar athnuachan ar a sainordú, ach amháin má tháinig athrú ar fhaisnéis ábhartha a bhfuil na húdaráis inniúla ar an eolas fúithi agus más rud é go bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht an chomhalta lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|