+Article 98 5.

Article 98 5.

Áireofar leis an athbhreithniú agus leis an meastóireacht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla risíocht institiúidí ar riosca ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála.

Déanfar na cumhachtaí maoirseachta sin a fheidhmiú sna cásanna seo a leanas, ar a laghad:

(a) 

i gcás institiúid ina laghdaíonn luach eacnamaíoch a gcothromais dá dtagraítear in Airteagal 84(1) níos mó ná 15 % dá caipiteal Leibhéal 1 mar thoradh ar athrú tobann gan choinne ar rátaí úis mar a leagtar amach in aon cheann de na sé chás maoirseachta suaite a chuirtear i bhfeidhm ar rátaí úis;

(b) 

i gcás ina dtagann titim mhór ar ghlanioncam úis institiúide, dá dtagraítear in Airteagal 84(1), i ngeall ar athrú tobann gan choinne sna rátaí úis mar a leagtar amach in aon cheann den dá chás maoirseachta suaite a chuirtear i bhfeidhm ar rátaí úis.

Déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú sna cásanna seo a leanas, ar a laghad, ach amháin má mheasann siad, bunaithe ar an athbhreithniú agus ar an meastóireacht dá dtagraítear sa mhír seo, gur leormhaith an bainistiú a dhéanann an institiúid ar riosca ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála agus nach bhfuil an institiúid neamhchosanta go hiomarcach ar riosca ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála.

Chun críche na míre seo, ciallaíonn an téarma “cumhachtaí maoirseachta” na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 104(1) nó an chumhacht toimhdí samhaltaithe agus paraiméadracha a fhorchur, seachas iad siúd a shainaithin ÚBE de bhun phointe (b) de mhír 5a den Airteagal seo, rud a léireoidh institiúidí nuair a ríomhfaidh siad luach eacnamaíoch cothromais faoi Airteagal 84(1).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.