+291. Léirítear sa tábla thíos liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta a fhéadfaidh …
|
291. Léirítear sa tábla thíos liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta a fhéadfaidh …
Léirítear sa tábla thíos liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta a fhéadfaidh údaráis inniúla a dhéanamh i gcás easnaimh shainaitheanta i gcreat bainistíochta IRRBB agus CSRBB na hinstitiúide. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le cineál an bhirt bunaithe ar a éifeachtacht i leith an easnaimh shonraigh aitheanta. Féadfaidh údaráis inniúla bearta maoirseachta breise (lena n-áirítear bearta cainníochtúla i gcomhréir le hAirteagal 104(1)(a) den Treoir 2013/36/AE) nó teaglaim díobh a chur i bhfeidhm más é an tuairim atá ann go bhfuil siad níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a aithníodh. Tábla 13. Bearta maoirseachta féideartha agus neamh-uileghabhálacha le haghaidh IRRBB agus CSRBB Bearta maoirseachta a d’fhéadfadh a bheith ann d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 104(1), pointí (b), (d), (e), (f), (j), agus (l) agus Airteagal 84(3) de Threoir 2013/36/AE – Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar an institiúid: A. feabhas a chur ar a gcumas tástála struis; B. feabhas a chur ar thuairisciú faisnéise bainistíochta an IRRBB do chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide agus don ardbhainistíocht. C. athruithe a chur i bhfeidhm ar theorainneacha inmheánacha chun an riosca atá bainteach le gníomhaíochtaí, le táirgí agus le córais a laghdú; D. tuairisciú breise nó níos minice a sholáthar ar sheasaimh IRRBB na n-institiúidí; E. an mhodheolaíocht chaighdeánaithe don IRRBB a úsáid; F. toimhdí samhaltaithe agus paraiméadracha a shonrú, seachas iad siúd atá sainaitheanta ag an ÚBE RTS (i gcomhréir leis an mír dheireanach d’Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|