|
+Article 98 5a. |
Article 98 5a.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú chun críocha mhír 5:
(a)
na sé chás maoirseachta suaite dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fhomhír de mhír 5, agus an dá chás maoirseachta suaite dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 5 nach mór a chur i bhfeidhm ar na rátaí uís i gcás gach airgeadra;
(b)
i bhfianaise na gcaighdeán stuamachta arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha, seachas toimhdí iompraíochta, a léireoidh institiúidí agus luach eacnamaíoch cothromais á ríomh acu, dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír de mhír 5, agus a bheidh teoranta don mhéid seo a leanas:
(i)
an tslí a láimhseáiltear cothromas na hinstitiúide féin;
(ii)
cuimsiú, comhdhéanamh agus lascainiú sreafaí airgid atá íogair do rátaí úis a eascraíonn as sócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide agus as míreanna na hinstitiúide atá lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear láimhseáil corrlach tráchtála agus comhpháirteanna eile raon difríochta;
(iii)
samhlacha dinimiciúla nó statacha de na cláir chomhardaithe a úsáid agus an láimhseáil a dhéantar, dá bharr, ar shuíomhanna amúchta agus ar shuíomhanna atá ag aibiú.
(c)
i bhfianaise na gcaighdeán arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha, seachas toimhdí iompraíochta, a léireoidh institiúidí agus an glanioncam úis dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 5 á ríomh acu a bheidh teoranta don mhéid seo a leanas:
(i)
cuimsiú agus comhdhéanamh sreafaí airgid atá íogair do rátaí úis a eascraíonn as sócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide agus as míreanna na hinstitiúide atá lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear láimhseáil corrlach tráchtála agus comhpháirteanna eile raon difríochta;
(ii)
samhlacha dinimiciúla nó statacha de na cláir chomhardaithe a úsáid agus an láimhseáil a dhéantar, dá bharr, ar shuíomhanna amúchta agus ar shuíomhanna atá ag aibiú;
(iii)
an tréimhse ar lena linn a dhéanfar glanioncam úis sa todhchaí a thomhas;
(d)
sainmhíniú ar an ní is titim mhór ann, dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 5. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|