+Article 104 1.

Article 104 1.

►M11  Chun críocha Airteagal 97, Airteagal 98 (1), (4), (5), (9) agus (10), Airteagal 101(4) agus Airteagal 102 den Treoir seo agus chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm, beidh na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad ag na húdaráis inniúla: ◄

(a) 

a chur de cheangal ar institiúidí cistí dílse breise a bheith acu os cionn na gceanglas a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 104a den Treoir seo;

(b) 

a chur de cheangal orthu socruithe, próisis, sásraí agus straitéisí a dhaingniú a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 73 agus 74;

(c) 

ceanglaítear ar institiúidí plean a chur isteach chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a thabhairt ar ais agus spriocdháta a leagan síos chun an plean a chur chun feidhme, lena n-áirítear feabhsuithe ar an bplean sin maidir leis an raon feidhme agus an spriocdháta;

(d) 

ceanglaítear ar institiúidí beartas soláthair ar leith nó láimhseáil sócmhainní i dtéarmaí ceanglas cistí dílse a chur i bhfeidhm;

▼M11

(e) 

an gnó a shrianadh nó a theorannú, lena n-áirítear maidir le taiscí a ghlacadh, na hoibríochtaí nó líonra na n-institiúidí nó chun dífheistiú a iarraidh maidir le gníomhaíochtaí lena ngabhann rioscaí iomarcacha d’fhóntacht na hinstitiúide;

▼M5

(f) 

ceanglaítear ar institiúidí laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le gníomhaíochtaí, táirgí agus córais institiúidí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe;

(g) 

ceanglaítear ar institiúidí luach saothair inathraitheach mar chéatadán de ghlanioncaim a shrianadh i gcás ina mbeidh sé ar neamhréir le bonn caipitil fónta a chaomhnú;

(h) 

ceanglaítear ar institiúidí glanbhrabúis a úsáid chun na cistí dílse a threisiú;

(i) 

dáileacháin nó íocaíochtaí úis arna ndéanamh ag institiúid do scairshealbhóirí, do chomhaltaí nó do shealbhóirí ionstraimí Breise Leibhéal 1 a shrianadh nó iad a thoirmeasc i gcás nach ionann an toirmeasc sin agus mainneachtain na hinstitiúide;

(j) 

ceanglais maidir le tuairisciú breise nó tuairisciú níos minice a fhorchur, lena n-áirítear tuairisciú ar chistí dílse, ar leachtacht agus ar luamhánú;

(k) 

ceanglais leachtachta shonracha a fhorchur, lena n-áirítear srianta ar neamhréireanna aibíochta idir sócmhainní agus dliteanais;

(l) 

nochtaí breise a cheangal;

▼M11

(m) 

ceangal a chur ar institiúidí na rioscaí a thagann chun cinn sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma ó thosca CSR a laghdú, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as próiseas an choigeartaithe agus as na treochtaí aistrithe i gcomhthéacs chuspóirí ábhartha dlíthiúla agus rialála an Aontais, na mBallstát nó tríú tíortha, trí choigeartuithe ar a straitéisí gnó, ar a rialachas agus ar a mbainistíocht riosca a bhféadfaí atreisiú ar na spriocanna, na bearta agus na gníomhaíochtaí a áirítear ina bpleananna atá le hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 76(2) a iarraidh ina leith;

(n) 

a cheangal ar institiúidí tástáil struis nó anailís cásanna a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí a eascraíonn as neamhchosaintí cripteashócmhainní agus as seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar.

▼M12

(o) 

a cheangal ar institiúidí, i gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil riosca comhchruinnithe iomarcach ag eascairt as neamhchosaintí i leith contrapháirtí lárnach, neamhchosaintí i leith an chontrapháirtí lárnaigh sin a laghdú nó neamhchosaintí a athailíniú ar fud a gcuntas imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

▼M5

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.