|
+Airteagal 104b 5. |
Airteagal 104b 5.I dtaca le cistí dílse a úsáidtear chun an treoir maidir le cístí dílse breise a chomhlíonadh, a chuirtear in iúl i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh, ní úsáidfear iad chun aon cheann díobh seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b)
an ceanglas a leagtar amach faoi Airteagal 104a den Treoir seo forchurtha ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh agus ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte. I dtaca le cistí dílse a úsáidtear chun an treoir maidir le cístí dílse breise a chomhlíonadh, a chuirtear in iúl i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, chun aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh, ní úsáidfear iad chun an ceanglas cistí dílse a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sin a chomhlíonadh, an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 104a den Treoir seo forchurtha ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh agus ar an gceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|