+Airteagal 104b Treoir maidir le cistí dílse breise
---+Airteagal 104b 1.
---+Airteagal 104b 2.
---+Airteagal 104b 3.
---+Airteagal 104b 4.
---+Airteagal 104b 4a.
---+Airteagal 104b 5.
---+Airteagal 104b 6.
|
Airteagal 104b Treoir maidir le cistí dílse breise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 104b 1.
|
De bhun na straitéisí agus na bpróiseas dá dtagraítear in Airteagal 73, bunóidh institiúidí a gcaipiteal inmheánach ar leibhéal cuí cístí dílse atá leordhóthanach chun na rioscaí uile nach bhfuil cosaint ag institiúid orthu a chumhdach agus chun a áirithiú gur féidir le cistí dílse na hinstitiúide caillteanais ionchasacha a chomhshó a thagann as cásanna struis, lena n-áirítear iad siúd arna sainaithint sa tástáil struis maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 100.
|
|
Airteagal 104b 2.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú rialta ar leibhéal an chaipitil inmheánaigh a shocraíonn gach institiúid i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo mar chuid den athbhreithniú agus den mheastóireacht arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 97 agus le hAirteagal 101 a chur san áireamh, lena n-áirítear torthaí na dtástálacha struis dá dtagraítear in Airteagal 100. De bhun na n-athbhreithnithe sin, cinnfidh na húdaráis inniúla an leibhéal foriomlán cistí dílse le haghaidh gach institiúide a mheasann siad a bheith cuí.
|
|
Airteagal 104b 3.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla an treoir maidir le cistí dílse breise a chur in iúl d'institiúidí. Is éard a bheidh sa treoir maidir le cistí dílse breise cistí dílse breise a sháraíonn an méid ábhartha de chistí dílse mar a cheanglaítear de bhun Chodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Caibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402, pointe (a) d'Airteagal 104(1) agus pointe (6) d'Airteagal 128 den Treoir seo nó de bhun Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, de réir mar is ábhartha, a theastaíonn chun go mbainfear amach an leibhéal foriomlán cistí dílse a mheasann na húdaráis inniúla a bheidh iomchuí de bhun mhír 2 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 104b 4.
|
Ní mór do threoir na n-údarás inniúil maidir le cistí dílse breise de bhun mhír 3 den Airteagal seo a bheith institiúidsonrach. Leis an treoir sin, féadfar rioscaí a chumhdach a dtugtar aghaidh orthu le ceanglas cistí dílse breise arna bhforchur de bhun phointe (a) d'Airteagal 104 (1) sa mhéid go gcumhdaítear léi gnéithe de na rioscaí sin nach gcumhdaítear cheana féin faoin gceanglas sin, agus sa mhéid sin amháin.
|
|
Airteagal 104b 4a.
|
I gcás ina dtagann institiúid chun bheith faoi cheangal ag an íosmhéid aschuir, féadfaidh a húdarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar a treoraíocht maidir le cistí dílse breise a chuirtear in iúl don institiúid sin chun a áirithiú go leanfaidh a calabrú de bheith iomchuí.
|
|
Airteagal 104b 5.
|
I dtaca le cistí dílse a úsáidtear chun an treoir maidir le cístí dílse breise a chomhlíonadh, a chuirtear in iúl i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh, ní úsáidfear iad chun aon cheann díobh seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b)
an ceanglas a leagtar amach faoi Airteagal 104a den Treoir seo forchurtha ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh agus ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte.
I dtaca le cistí dílse a úsáidtear chun an treoir maidir le cístí dílse breise a chomhlíonadh, a chuirtear in iúl i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, chun aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh, ní úsáidfear iad chun an ceanglas cistí dílse a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sin a chomhlíonadh, an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 104a den Treoir seo forchurtha ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh agus ar an gceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Airteagal 104b 6.
|
I gcás ina mainnítear an treoir dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse ábhartha a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402, na ceanglais cistí dílse breise ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo agus, de réir mar is ábhartha, an ceanglas maoláin chomhcheangailte nó an ceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní chuirfear chun gnímh na srianta dá dtagraítear in Airteagal 141 ná in Airteagal 141b den Treoir seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|