|
+Article 106 1. |
Article 106 1.Tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis inniúla:
(a)
ceangal a chur ar institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i gCuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fhoilsiú níos minice ná mar a cheanglaítear le hAirteagal 433 go hAirteagal 433c den Rialachán sin;
(b)
spriocdhátaí a shocrú d’institiúidí, seachas institiúidí beaga agus neamhchasta, chun faisnéis maidir le nochtadh a chur faoi bhráid ÚBE lena foilsiú ar shuíomh gréasáin ÚBE le haghaidh nochtuithe láraithe;
(c)
ceangal a chur ar institiúidí meáin agus láithreáin shonracha a úsáid i gcomhair foilseachán seachas suíomh gréasáin ÚBE le haghaidh nochtuithe láraithe, nó ráitis airgeadais na n-institiúidí. Faoin 10 Iúil 2025, agus Cuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á cur san áireamh, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ina sonrófar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|