De mhaolú ar an tríú fomhír de mhír 1, ar phointe (b) de mhír 3 agus ar mhír 4, i gcás ina ndéanann údarás inniúil maoirseacht ar bhonn aonair ar níos mó ná ceann amháin de na hinstitiúidí creidmheasa laistigh de ghrúpa, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na hinstitiúidí creidmheasa laistigh den ghrúpa ar mó méid iomlán chláir chomhardaithe na n‐institiúidí creidmheasa sin a ndéantar maoirseacht orthu ná méid iomlán chláir chomhardaithe na n‐institiúidí creidmheasa a ndéanann aon údarás inniúil eile maoirseacht orthu ar bhonn aonair a bheidh ina mhaoirseoir comhdhlúthaithe.
De mhaolú ar phointe (c) de mhír 3, i gcás ina ndéanann údarás inniúil maoirseacht ar bhonn aonair ar níos mó ná ceann amháin de na gnólachtaí infheistíochta laistigh de ghrúpa, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar cheann amháin nó níos mó de na gnólachtaí infheistíochta laistigh den ghrúpa ar mó méid iomlán chláir chomhardaithe an ghrúpa a bheidh ina mhaoirseoir comhdhlúthaithe.