|
+Airteagal 113 1. |
Airteagal 113 1.Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí máthairinstitiúide AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagail 73 agus 97, leordhóthanacht leibhéal comhdhlúite na gcistí dílse a chinneadh atá i seilbh an ghrúpa institiúidí maidir lena staid airgeadais agus a phróifíl priacal agus leibhéal na gcistí dílse is gá chun pointe (a) d'Airteagal 104(1) a chur i bhfeidhm ar gach eintiteas laistigh den ghrúpa institiúidí agus ar bhonn comhdhlúite;
(b)
i dtaca le bearta chun aghaidh a thabhairt ar ábhair thábhachtacha agus ar thorthaí ábhartha a bhaineann le maoirseacht leachtachta agus a bhaineann le leordhóthanacht na heagraíochta freisin agus láimhseáil rioscaí mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 86 agus a bhaineann leis an ngá atá le ceanglais leachtachta institiúidsonracha i gcomhréir le hAirteagal 105;
(c)
i dtaca le haon treoir maidir le cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 104b(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|