+Airteagal 113 Cinntí comhpháirteacha maidir le ceanglais stuamachta institiúidsonracha
---+Airteagal 113 1.
---+Airteagal 113 2.
---+Airteagal 113 3.
---+Airteagal 113 4.
---+Airteagal 113 5.
|
Airteagal 113 Cinntí comhpháirteacha maidir le ceanglais stuamachta institiúidsonracha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 113 1.
|
Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí máthairinstitiúide AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagail 73 agus 97, leordhóthanacht leibhéal comhdhlúite na gcistí dílse a chinneadh atá i seilbh an ghrúpa institiúidí maidir lena staid airgeadais agus a phróifíl priacal agus leibhéal na gcistí dílse is gá chun pointe (a) d'Airteagal 104(1) a chur i bhfeidhm ar gach eintiteas laistigh den ghrúpa institiúidí agus ar bhonn comhdhlúite;
(b)
i dtaca le bearta chun aghaidh a thabhairt ar ábhair thábhachtacha agus ar thorthaí ábhartha a bhaineann le maoirseacht leachtachta agus a bhaineann le leordhóthanacht na heagraíochta freisin agus láimhseáil rioscaí mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 86 agus a bhaineann leis an ngá atá le ceanglais leachtachta institiúidsonracha i gcomhréir le hAirteagal 105;
(c)
i dtaca le haon treoir maidir le cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 104b(3).
|
|
Airteagal 113 2.
|
Déanfar na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1:
(a)
chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, laistigh de 4 mhí ón tráth a gcuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe tuarascáil ina ndéantar an measúnú riosca ar an ngrúpa institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 104a faoi bhráid na n-údarás inniúil ábhartha eile;
(b)
chun críocha phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, laistigh de 4 mhí ón tráth a dtíolacfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe tuarascáil ina ndéantar an measúnú ar phróifíl priacal leachtachta an ghrúpa institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 86 agus le hAirteagal 105;
(c)
chun críocha phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, laistigh de 4 mhí ón tráth a dtíolacfaidh maoirseoir comhdhlúthaithe tuarascáil ina ndéantar an measúnú riosca ar an ngrúpa institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 104b.
Déanfar breithniú cuí sna cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar mheasúnú riosca na bhfochuideachtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla ábhartha i gcomhréir le hAirteagail 73, 97, 104a agus 104b. Leagfar amach na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 i ndoiciméid ina mbeidh na cúiseanna iomlána a chuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe ar fáil don mháthairchuideachta AE. I gcás easaontú, rachaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle le ÚBE arna iarraidh sin d'aon cheann de na húdaráis inniúla eile lena mbaineann. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe dul i gcomhairle le ÚBE as a stuaim féin.
|
|
Airteagal 113 3.
|
Mura ndéantar cinneadh comhpháirteach den chineál sin idir na húdaráis inniúla laistigh de na tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe cinneadh ar chur i bhfeidhm Airteagail 73, 86 agus 97, phointe (a) d'Airteagal 104(1), Airteagal 104b agus Airteagal 105 den Treoir seo ar bhonn comhdhlúite tar éis breithniú cuí a dhéanamh ar mheasúnú riosca na bhfochuideachtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla ábhartha. Más rud é, ag deireadh na dtréimhsí ama dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, go bhfuil aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh siar ar feitheamh aon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin, agus glacfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb iad na tréimhsí idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 na tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfaidh ÚBE an cinneadh laistigh de 1 mhí tar éis an t-easaontas a bheith tarchurtha do ÚBE. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse ceithre mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta. Maidir leis na húdaráis inniúla faoi seach atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí de chuid mháthairinstitiúid creidmheasa AE nó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite tar éis breithniú cuí a dhéanamh ar thuairimí agus ar ábhair amhrais an mhaoirseora chomhdhlúthaithe, déanfaidh siadsan an cinneadh ar chur i bhfeidhm Airteagail 73, 86 agus 97, phointe (a) d'Airteagal 104(1), Airteagal 104b agus Airteagal 105 den Treoir seo. Más rud é, ag deireadh aon cheann de na tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 2 den Treoir seo, go bhfuil aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh na húdaráis inniúla a gcinneadh siar ar feitheamh aon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin agus glacfaidh siad a gcinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb iad na tréimhsí idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin na tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 2 den Treoir seo. Déanfaidh ÚBE an cinneadh laistigh de 1 mhí tar éis an t-easaontas a bheith tarchurtha do ÚBE. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse 4 mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta. Leagfar an cinneadh amach i ndoiciméad ina mbeidh na cúiseanna iomlána agus cuirfear san áireamh ann measúnú riosca, tuairimí agus ábhair amhrais na n-údarás inniúil eile, arna gcur in iúl le linn na dtréimhsí ama dá dtagraítear i mír 2. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an doiciméad ar fáil do na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann agus don mháthairinstitiúid AE. I gcás ina ndeachaigh siad i gcomhairle le ÚBE, déanfaidh na húdaráis inniúla go léir a chomhairle a mheas, agus míneoidh siad aon imeacht suntasach ón gcomhairle sin.
|
|
Airteagal 113 4.
|
Aithneofar na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 agus na cinntí a rinne na húdaráis inniúla in éagmais cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 3 mar chinntí cinntitheacha agus cuirfidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann i bhfeidhm iad. Déanfar na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus aon chinneadh arna dhéanamh in éagmais cinneadh comhpháirteach i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil nó, in imthosca eisceachtúla, i gcás ina gcuirfidh údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí máthairinstitiúide AE nó, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, iarratas lánréasúnaithe i scríbhinn chuig an maoirseoir comhdhlúthaithe chun an cinneadh a thabhairt cothrom le dáta maidir le pointe (a) d'Airteagal 104(1), Airteagail 104b agus 105 a chur i bhfeidhm. Sna imthosca eisceachtúla sin, féadfar aghaidh a thabhairt ar an gcinneadh a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn déthaobhach idir an maoirseoir comhdhlúthaithe agus an t-údarás inniúil a iarrfaidh amhlaidh.
|
|
Airteagal 113 5.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú a bhaineann leis an gcinneadh comhpháirteach a chur i bhfeidhm dá dtagraítear san Airteagal seo, maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 73, 86 agus 97, phointe (a) d'Airteagal 104(1), Airteagail 104b agus 105 d'fhonn cinntí comhpháirteacha a éascú. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|