+Article 141 6.

Article 141 6.

Déanfar an fachtóir a chinneadh mar a leanas:

(a) 

i gcás ina mbeidh caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh agus an ceanglas cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) den Rialachán sin, laistigh den chéad cheathairíl (is é sin an ceann is ísle) den cheanglas maoláin chomhcheangailte, is é 0 an fachtóir a bheidh ann;

(b) 

i gcás ina mbeidh caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh agus an ceanglas cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) den Rialachán sin, laistigh den dara ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte, is é 0.2 an fachtóir a bheidh ann;

(c) 

i gcás ina mbeidh caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh agus an ceanglas cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) den Rialachán sin, laistigh den tríú ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte, is é 0,4 an fachtóir a bheidh ann;

(d) 

►C4  nuair atá an caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choinníonn an institiúid nach n-úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh agus ◄ an ceanglas cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, a chuirtear in iúl mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) den Rialachán sin, laistigh den cheathrú ceathairíl (is é sin, an ceann is airde) den cheanglas maoláin chomhcheangailte, is é 0,6 an fachtóir a bheidh ann.

Déanfar cuimsí íochtair agus uachtair gach ceathairíle den cheanglas maoláin chomhcheangailte a ríomh mar a leanas:

i gcás:

Qn = orduimhir na ceathairíle lena mbaineann.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.