|
+Airteagal 16a 2. |
Airteagal 16a 2.Sa chás dá dtagraítear i mír 1, measúnóidh údarás réitigh an eintitis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, gan mhoill neamhriachtanach, cibé an ndéanfaidh sé an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú, agus na gnéithe seo a leanas á gcur san áireamh:
(a)
cúis na mainneachtana, fad agus mhéid na mainneachtana sin agus an tionchar atá aici ar inréititheacht;
(b)
dul chun cinn staid airgeadais an eintitis agus an dóchúlacht go bhféadfaidh sé, amach anseo, an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 32(1) a chomhlíonadh;
(c)
an t-ionchas go mbeidh an t-eintiteas in ann a áirithiú go gcomhlíonfar na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 laistigh de thréimhse ama réasúnta;
(d)
i gcás nach mbeidh an t-eintitis in ann dliteanais a chur in ionad dliteanas nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta ná aibíochta a leagtar síos in Airteagal 72b agus 72c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó in Airteagal 45b nó 45f(2) den Treoir seo a thuilleadh, más rud é go bhfuil an neamhábaltacht sin neamhghnách nó más toradh ar shuaitheadh ar fud an mhargaidh í;
(e)
arb é feidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 an modh is leordhóthanaí agus is comhréirí chun aghaidh a thabhairt ar chás an eintitis bunaithe, ag cur san áireamh go háirithe an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige ar choinníollacha maoinithe agus ar inréititheacht an eintitis sin. Déanfaidh an t-údarás réitigh a mheasúnú an athuair le féachaint faoin gcumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú gach mí ar a a fhad is a leanann an t-eintiteas de bheith sa chás dá dtagraítear i mír 1. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|