+Airteagal 16a An chumhacht roinnt dáiltí a thoirmeasc
---+Airteagal 16a 1.
---+Airteagal 16a 2.
---+Airteagal 16a 3.
---+Airteagal 16a 4.
---+Airteagal 16a 5.
---+Airteagal 16a 6.

Airteagal 16a An chumhacht roinnt dáiltí a thoirmeasc

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16a 1.

Más rud é go mbeidh eintiteas i gcás ina mbeidh an ceanglas maoláin chomhcheangailte á chomhlíonadh aige agus an ceanglas sin á mheas sa bhreis ar gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 141a(1) den Treoir sin, ach go mainníonn sé an ceanglas maoláin chomhcheangailte sin a chomhlíonadh nuair a dhéantar é a mheas sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 45c agus 45d den Treoir seo, agus é sin á ríomh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45(2) den Treoir seo, beidh de chumhacht ag údarás réitigh, i gcomhréir le mír 2 agus 3 den Airteagal seo, an eintitis sin toirmeasc a chur ar eintiteas,, níos mó ná an t-uasmhéid indáilte a bhaineann leis an íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe ('M-MDA'), arna ríomh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, a dháileadh, trí cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a leanas:

(a) 

dáileachán a dhéanamh i ndáil le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1;

(b) 

oibleagáid a chruthú chun luach saothair inathraitheach nó sochair phinsin lánroghnacha a íoc nó luach saothair inathraitheach a íoc más rud é gur cruthaíodh an oibleagáid chun íoc tráth ar mhainnigh an t-eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh; nó

(c) 

íocaíochtaí a dhéanamh ar ionstraimí Breise Leibhéal 1.

I gcás ina mbeidh eintiteas sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás réitigh maidir leis an gcliseadh sin.

Airteagal 16a 2.

Sa chás dá dtagraítear i mír 1, measúnóidh údarás réitigh an eintitis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, gan mhoill neamhriachtanach, cibé an ndéanfaidh sé an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú, agus na gnéithe seo a leanas á gcur san áireamh:

(a) 

cúis na mainneachtana, fad agus mhéid na mainneachtana sin agus an tionchar atá aici ar inréititheacht;

(b) 

dul chun cinn staid airgeadais an eintitis agus an dóchúlacht go bhféadfaidh sé, amach anseo, an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 32(1) a chomhlíonadh;

(c) 

an t-ionchas go mbeidh an t-eintiteas in ann a áirithiú go gcomhlíonfar na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 laistigh de thréimhse ama réasúnta;

(d) 

i gcás nach mbeidh an t-eintitis in ann dliteanais a chur in ionad dliteanas nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta ná aibíochta a leagtar síos in Airteagal 72b agus 72c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó in Airteagal 45b nó 45f(2) den Treoir seo a thuilleadh, más rud é go bhfuil an neamhábaltacht sin neamhghnách nó más toradh ar shuaitheadh ar fud an mhargaidh í;

(e) 

arb é feidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 an modh is leordhóthanaí agus is comhréirí chun aghaidh a thabhairt ar chás an eintitis bunaithe, ag cur san áireamh go háirithe an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige ar choinníollacha maoinithe agus ar inréititheacht an eintitis sin.

Déanfaidh an t-údarás réitigh a mheasúnú an athuair le féachaint faoin gcumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú gach mí ar a a fhad is a leanann an t-eintiteas de bheith sa chás dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 16a 3.

Má chinneann an t-údarás réitigh go bhfuil an t-eintiteas fós sa chás dá dtagraítear i mír 1 naoi mhí tar éis fógra faoi chás mar sin a fháil ón eintiteas, déanfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú ach amháin má chinneann an t-údarás réitigh, tar éis dó measúnú a dhéanamh, go gcomhlíontar dhá cheann de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

(a) 

tarlaíonn an cliseadh mar gheall ar shuaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú na margaí airgeadais, as a n-eascraíonn strus forleathan sa mhargadh airgeadais in an-chuid deighleoga de na margaí airgeadais;

(b) 

an suaitheadh dá dtagraítear i bpointe (i), ní hamháin go mbíonn luaineacht mhéadaithe i bpraghas ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe an eintitis nó costais bhreise don eintiteas mar gheall air, ach chomh maith leis sin dúntar na margaí go hiomlán nó go páirteach, rud a chuireann cosc ar an eintiteas ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a eisiúint ar na margaí sin;

(c) 

feictear go mbaineann dúnadh na margaí dá dtagraítear i bpointe (b) ní hamháin leis an eintitis sin amháin ach le roinnt eintiteas eile freisin;

(d) 

leis an suaitheadh dá dtagraítear i bpointe (a) toirmisctear an t-eintiteas i dtrácht go leor ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a eisiúint chun an sárú a leigheas;

(e) 

eascraíonn éifeachtaí iarmharta diúltacha as feidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 do chuid den earnáil baincéireachta, rud a d'fhéadfadh an bonn a bhaint de chobhsaíocht airgeadais.

Nuair a bhíonn an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm, tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra don údarás inniúil maidir lena chinneadh agus míneoidh sé a mheasúnú i scríbhinn.

Gach mí, déanfaidh an t-údarás réitigh a mheasúnú an athuair i dtaobh an féidir an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm.

Airteagal 16a 4.
Ríomhfar M-MDA tríd an tsuim arna ríomh i gcomhréir le mír 5 a iolrú faoin bhfachtóir arna chinneadh i gcomhréir le mír 6. Laghdófar M-MDA de réir mhéid ar bith a bhíonn mar thoradh ar cheann ar bith de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 1.
Airteagal 16a 5.

Beidh sa tsuim atá le hiolrú i gcomhréir le mír 4 na nithe seo a leanas:

(a) 

brabúis eatramhacha ar bith nach n-áirítear ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar glanbhrabúis iad i ndáil le haon dáileachán brabús nó aon íocaíocht a bhíonn mar thoradh ar aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo;

móide

(b) 

aon bhrabúis chinn bhliana nach n-áirítear ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar glanbhrabúis iad i ndáil le haon dáileachán brabús nó aon íocaíocht a bhíonn mar thoradh ar aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo;

lúide

(c) 

méideanna ba iníoctha le cáin dá gcoimeádfaí na hítimí a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo.

Airteagal 16a 6.

Is mar a leanas a dhéanfar an fachtóir dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh:

(a) 

i gcás gur laistigh den chéad cheathairíl (i.e. an cheathairíl is ísle) den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá caipiteal Gnáthchothromais Leibhéal 1 an eintitis, nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais cistí dílse a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagal 45c agus Airteagal 45d den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0 an fachtóir a bheidh ann;

(b) 

i gcás gur laistigh den dara ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá caipiteal Gnáthchothromais Leibhéal 1 an eintitis, nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagal 45c agus Airteagal 45d den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0,2 an fachtóir a bheidh ann.

(c) 

i gcás gur laistigh den tríú ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá caipiteal Gnáthchothromais Leibhéal 1 an eintitis, nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagal 45c agus Airteagal 45d den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0,4 an fachtóir a bheidh ann;

(d) 

i gcás gur laistigh den cheathrú ceathairíl (i.e. an cheathairíl is airde) den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá caipiteal Gnáthchothromais Leibhéal 1 an eintitis, nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagal 45c agus Airteagal 45d den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0,6 an fachtóir a bheidh ann;

Déanfar cuimsí íochtair agus uachtair gach ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte a ríomh mar a leanas:

inar ionann “Qn ” agus orduimhir na ceathairíle lena mbaineann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.