|
+Airteagal 16a 5. |
Airteagal 16a 5.Beidh sa tsuim atá le hiolrú i gcomhréir le mír 4 na nithe seo a leanas:
(a)
brabúis eatramhacha ar bith nach n-áirítear ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar glanbhrabúis iad i ndáil le haon dáileachán brabús nó aon íocaíocht a bhíonn mar thoradh ar aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo; móide
(b)
aon bhrabúis chinn bhliana nach n-áirítear ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar glanbhrabúis iad i ndáil le haon dáileachán brabús nó aon íocaíocht a bhíonn mar thoradh ar aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo; lúide
(c)
méideanna ba iníoctha le cáin dá gcoimeádfaí na hítimí a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|