|
+Airteagal 16a 6. |
Airteagal 16a 6.Is mar a leanas a dhéanfar an fachtóir dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh:
(a)
i gcás gur laistigh den chéad cheathairíl (i.e. an cheathairíl is ísle) den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá caipiteal Gnáthchothromais Leibhéal 1 an eintitis, nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais cistí dílse a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagal 45c agus Airteagal 45d den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0 an fachtóir a bheidh ann;
(b)
i gcás gur laistigh den dara ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá caipiteal Gnáthchothromais Leibhéal 1 an eintitis, nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagal 45c agus Airteagal 45d den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0,2 an fachtóir a bheidh ann.
(c)
i gcás gur laistigh den tríú ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá caipiteal Gnáthchothromais Leibhéal 1 an eintitis, nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagal 45c agus Airteagal 45d den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0,4 an fachtóir a bheidh ann;
(d)
i gcás gur laistigh den cheathrú ceathairíl (i.e. an cheathairíl is airde) den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá caipiteal Gnáthchothromais Leibhéal 1 an eintitis, nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagal 45c agus Airteagal 45d den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0,6 an fachtóir a bheidh ann; Déanfar cuimsí íochtair agus uachtair gach ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte a ríomh mar a leanas: inar ionann “Qn ” agus orduimhir na ceathairíle lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|