|
+Article 17 3. |
Article 17 3.Laistigh de cheithre mhí tar éis an dáta a bhfaighfear fógra arna thabhairt i gcomhréir le mír 1, molfaidh an t-eintiteas don údarás réitigh bearta a d'fhéadfaí a ghlacadh chun dul i ngleic leis na baic a shainaithnítear san fhógra nó chun deireadh a chur leo. Tráth nach déanaí ná dhá sheachtain ón dáta a bhfaighfear fógra arna thabhairt i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, molfaidh an t-eintiteas don údarás réitigh bearta féideartha maille le hamlíne lena gcur chun feidhme d'fhonn a áirithiú go gcloíonn an t-eintiteas le hAirteagal 45e nó Airteagal 45f den Treoir seo agus leis an gceanglas maoláin chomhceangailte, i gcás gur i ngeall ar cheann díobh seo a leanas atá bac roimh inréititheacht an eintitis sin:
(a)
sásaíonn an t-eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte nuair a mheastar é anuas ar gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 141a(1) de Threoir 2013/36/AE, ach ní shásaíonn sé an ceanglas maoláin chomhcheangailte nuair a mheastar é anuas ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45c agus 45d den Treoir seo arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45(2) den Treoir seo; nó
(b)
ní chomhlíonann an t-eintiteas na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a agus Airteagal 494 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45c agus 45d den Treoir seo. Cuirfear na cúiseanna atá leis an mbac substainteach san áireamh san amlíne faoina gcuirfear chun feidhme na bearta arna moladh sa dara fomhír. Déanfaidh an t-údarás réitigh, ar dhul i gcomhairle dó leis an údarás inniúil, measúnú a dhéanamh an dtugtar aghaidh go héifeachtach, leis na bearta a mholtar sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, ar an mbac substainteach atá i gceist nó an gcuirtear deireadh leis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|