+Article 18 2.
|
Article 18 2.
Déanfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa, in éineacht leis an maoirseoir comhdhlúthaithe agus le ÚBE i gcomhréir le Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, tuarascáil a ullmhú agus a thíolacadh don mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus d'údaráis réitigh fochuideachtaí, agus tabharfaidh siadsan an tuarascáil sin do na fochuideachtaí atá laistigh dá sainchúram, agus d'údaráis réitigh dlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite. Ullmhófar an tuarascáil ar dhul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, agus beidh anailísiú ann ar na baic shubstaintiúla ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n-uirlisí réitigh agus ar fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh i ndáil leis an ngrúpa agus le grúpaí réitigh má bhíonn níos mó ná grúpa réitigh amháin sa ghrúpa sin freisin. Breithneofar sa tuarascáil sin freisin an tionchar ar shamhail ghnó an ghrúpa agus molfar inti aon bhearta comhréireacha agus spriocdhírithe is gá nó is iomchuí, dar le húdarás réitigh leibhéal an ghrúpa, chun na baic sin a bhaint. Má bhíonn bac ar inréititheacht an ghrúpa de dheasca cás sonrach ghrúpeintitis dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 17(3), tabharfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa fógra don mháthairghnóthas de chuid an Aontais tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás réitigh an eintitis réitigh agus le húdaráis réitigh a fho-institiúidí go ndearna sé measúnú ar an mbac sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|