+Article 18 Powers to address or remove impediments to resolvability: group treatment
---+Article 18 1.
---+Article 18 2.
---+Article 18 3.
---+Article 18 4.
---+Article 18 5.
---+Article 18 6.
---+Article 18 6a.
---+Article 18 7.
---+Article 18 8.
---+Article 18 9.
|
Article 18 Powers to address or remove impediments to resolvability: group treatment
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Article 18 1.
|
Déanfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa, in éineacht le húdaráis réitigh na bhfochuideachtaí, ar dhul i gcomhairle dóibh leis an gcoláiste maoirseachta agus údaráis mhaoirseachta na ndlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite a mhéid is ábhartha don bhrainse suntasach, machnamh faoin measúnú a leagtar síos mar cheangal in Airteagal 16 laistigh den choláiste réitigh agus tabharfaidh siad na céimeanna uile atá réasúnta chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh faoi bheart a chur i bhfeidhm a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 17(4) i ndáil leis na heintitis réitigh uile agus lena bhfochuideachtaí ar eintitis iad dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus ar cuid den ghrúpa iad.
|
|
Article 18 2.
|
Déanfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa, in éineacht leis an maoirseoir comhdhlúthaithe agus le ÚBE i gcomhréir le Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, tuarascáil a ullmhú agus a thíolacadh don mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus d'údaráis réitigh fochuideachtaí, agus tabharfaidh siadsan an tuarascáil sin do na fochuideachtaí atá laistigh dá sainchúram, agus d'údaráis réitigh dlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite. Ullmhófar an tuarascáil ar dhul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, agus beidh anailísiú ann ar na baic shubstaintiúla ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n-uirlisí réitigh agus ar fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh i ndáil leis an ngrúpa agus le grúpaí réitigh má bhíonn níos mó ná grúpa réitigh amháin sa ghrúpa sin freisin. Breithneofar sa tuarascáil sin freisin an tionchar ar shamhail ghnó an ghrúpa agus molfar inti aon bhearta comhréireacha agus spriocdhírithe is gá nó is iomchuí, dar le húdarás réitigh leibhéal an ghrúpa, chun na baic sin a bhaint. Má bhíonn bac ar inréititheacht an ghrúpa de dheasca cás sonrach ghrúpeintitis dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 17(3), tabharfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa fógra don mháthairghnóthas de chuid an Aontais tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás réitigh an eintitis réitigh agus le húdaráis réitigh a fho-institiúidí go ndearna sé measúnú ar an mbac sin.
|
|
Article 18 3.
|
Tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis dó an tuarascáil a fháil, féadfaidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais barúlacha a chur isteach agus bearta malartacha a mholadh don Bhord chun na baic atá sainaitheanta sa tuarascáil a leigheas. I gcás gurb é is cúis leis na baica sainaithnítear sa tuarascáilan cás sonrach ina bhfuil grúpeintiteas dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 17(3) den Treoir seo, molfaidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais, tráth nach déanaí ná dhá sheachtain ó gheofar an fógra arna dhéanamh i gcomhréir leis an dara fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo, d'údarás réitigh leibhéal an ghrúpa bearta féideartha maille le hamlíne lena gcur chun feidhme d'fhonn a áirithiú go gcloíonn an grúpeintiteas leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45e nó Airteagal 45f den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an gceanglas maoláin chomhcheangailte, agus leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45e agus 45f den Treoir seo arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 429 agus in Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Cuirfear san áireamh san amlíne faoina gcuirfear chun feidhme na bearta arna moladh sa dara fomhír na cúiseanna atá leis an mbac substainteach. Déanfaidh an t-údarás réitigh, tar íes dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, measúnú a dhéanamh an dtugtar aghaidh go héifeachtach, leis na bearta sin, ar an mbac substainteach nó an gcuirtear deireadh leis.
|
|
Article 18 4.
|
Cuirfidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa in iúl aon bheart a mhol an máthairghnóthas de chuid an Aontais don mhaoirseoir comhdhlúthaithe, do ÚBE, d'údaráis réitigh na bhfochuideachtaí agus d'údaráis réitigh na ndlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite a mhéid is ábhartha don bhrainse suntasach atá i gceist. Déanfaidh údaráis réitigh leibhéal an ghrúpa agus údaráis réitigh na bhfochuideachtaí, ar dhul i gcomhairle dóibh leis na húdaráis inniúla agus le húdaráis réitigh dlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite, déanfaidh siad a bhfuil ar a gcumas chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh laistigh den choláiste réitigh i ndáil le baic shubstainteacha a shainaithint, agus, más gá, leis an measúnú ar bhearta arna moladh ag an máthairghnóthas de chuid an Aontais agus leis na bearta arna gceangal ag na húdaráis chun aghaidh a thabhairt ar na baic nó deireadh a chur leo, agus sa mheasúnú sin cuirfear tionchar féideartha na mbeart sna Ballstáit uile ina n-oibríonn an grúpa san áireamh.
|
|
Article 18 5.
|
Déanfar an cinneadh comhpháirteach tráth nach déanaí ná ceithre mhí ó chuirfidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais barúlacha isteach. I gcás nár chuir an máthairghnóthas de chuid an Aontais barúlacha isteach, déanfar an cinneadh comhpháirteach tráth nach déanaí ná aon mhí amháin ó rachaidh in éag an tréimhse ceithre mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3. Déanfar an cinneadh comhpháirteach faoin mbac ar inréititheacht de dheasca cás dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 17 3 laistigh de dhá sheachtain ó chuir an máthairghnóthas de chuid an Aontais aon bharúlacha isteach i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear an réasúnú a bhaineann leis an gcinneadh comhpháirteach i ndoiciméad a chuirfidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa ar fáil don mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus leagfar an cinneadh comhpháirteach amach sa doiciméad sin. Féadfaidh ÚBE, ar iarratas ó údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le pointe (c) den dara mír d'Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Article 18 6.
|
Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach laistigh den tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais a chinneadh féin faoi bhearta iomchuí atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 17(4) ar leibhéal an ghrúpa nó ar leibhéal an ghrúpa réitigh. Beidh réasúnú iomlán leis an gcinneadh agus cuirfear tuairimí agus ábhair amhrais údarás réitigh eile san áireamh ann. Tabharfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa an cinneadh don mháthairghnóthais de chuid an Aontais. Más rud é, ag deireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, gur chuir aon údarás réitigh ábhar atá luaite i mír 9 den Airteagal faoi bhráid ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa a chinneadh siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lena chinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb í an tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) uimh. 1093/2010. Déanfaidh ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo ná tar éis cinneadh comhpháirteach a dhéanamh. Mura ndéana ÚBE cinneadh, beidh feidhm ag cinneadh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa.
|
|
Article 18 6a.
|
Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach laistigh den tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, déanfaidh údarás réitigh an eintitis ábhartha réitigh a chinneadh féin faoi bhearta iomchuí atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 17(4) ar leibhéal an ghrúpa réitigh. Beidh réasúnú iomlán leis an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus cuirfear san áireamh inti pé tuairimí agus ábhair amhrais a bheidh ag údarás réitigh na n-eintiteas eile atá sa ghrúpa réitigh céanna agus ag údarás réitigh leibhéal an ghrúpa. Tabharfaidh an t-údarás ábhartha réitigh an cinneadh sin don eintiteas réitigh. Más rud é, ag deireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, gur chuir aon údarás réitigh ábhar atá luaite i mír 9 den Airteagal faoi bhráid ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh údarás réitigh an eintitis réitigh a chinneadh siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lena chinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb í an tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo ná tar éis cinneadh comhpháirteach a dhéanamh. Mura ndéana ÚBE cinneadh, beidh feidhm ag cinneadh údarás réitigh an eintitis réitigh
|
|
Article 18 7.
|
Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach, déanfaidh údaráis réitigh fochuideachtaí nach eintitis réitigh iad a gcinntí féin faoi na bearta iomchuí atá le déanamh ag fochuideachtaí, gach ceann léi féin, i gcomhréir le hAirteagal 17(4). Beidh réasúnú iomlán leis an gcinneadh agus cuirfear tuairimí agus ábhair amhrais na n-údarás réitigh eile san áireamh ann. Cuirfear an cinneadh in iúl don fhochuideachta lena mbaineann agus d'eintiteas réitigh an ghrúpa réitigh chéanna, d'údarás réitigh an eintitis réitigh sin agus, i gcás nach ionann iad, d'údarás réitigh leibhéal an ghrúpa. Más rud é, ag deireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, gur chuir aon údarás réitigh ábhar atá luaite i mír 9 den Airteagal faoi bhráid ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh údarás réitigh na fochuideachta a chinneadh siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lena chinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb í an tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo ná tar éis cinneadh comhpháirteach a dhéanamh. Mura ndéana ÚBE cinneadh, beidh feidhm ag cinneadh údarás réitigh na fochuideachta.
|
|
Article 18 8.
|
The joint decision referred to in paragraph 5 and the decisions taken by the resolution authorities in the absence of a joint decision referred to in paragraph 6 shall be recognised as conclusive and applied by the other resolution authorities concerned.
|
|
Article 18 9.
|
In the absence of a joint decision on the taking of any measures referred to in point (g), (h) or (k) of Article 17(5), EBA may, upon the request of a resolution authority in accordance with paragraph 6 or 7 of this Article, assist the resolution authorities in reaching an agreement in accordance with Article 19(3) of Regulation (EU) No 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|