|
+Article 18 5. |
Article 18 5.Déanfar an cinneadh comhpháirteach tráth nach déanaí ná ceithre mhí ó chuirfidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais barúlacha isteach. I gcás nár chuir an máthairghnóthas de chuid an Aontais barúlacha isteach, déanfar an cinneadh comhpháirteach tráth nach déanaí ná aon mhí amháin ó rachaidh in éag an tréimhse ceithre mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3. Déanfar an cinneadh comhpháirteach faoin mbac ar inréititheacht de dheasca cás dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 17 3 laistigh de dhá sheachtain ó chuir an máthairghnóthas de chuid an Aontais aon bharúlacha isteach i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear an réasúnú a bhaineann leis an gcinneadh comhpháirteach i ndoiciméad a chuirfidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa ar fáil don mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus leagfar an cinneadh comhpháirteach amach sa doiciméad sin. Féadfaidh ÚBE, ar iarratas ó údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le pointe (c) den dara mír d'Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|