+Article 18 6.

Article 18 6.

Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach laistigh den tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais a chinneadh féin faoi bhearta iomchuí atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 17(4) ar leibhéal an ghrúpa nó ar leibhéal an ghrúpa réitigh.

Beidh réasúnú iomlán leis an gcinneadh agus cuirfear tuairimí agus ábhair amhrais údarás réitigh eile san áireamh ann. Tabharfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa an cinneadh don mháthairghnóthais de chuid an Aontais.

Más rud é, ag deireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, gur chuir aon údarás réitigh ábhar atá luaite i mír 9 den Airteagal faoi bhráid ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa a chinneadh siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lena chinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb í an tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) uimh. 1093/2010. Déanfaidh ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo ná tar éis cinneadh comhpháirteach a dhéanamh. Mura ndéana ÚBE cinneadh, beidh feidhm ag cinneadh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.