|
+Airteagal 45 3. |
Airteagal 45 3.I gcomhréir le hAirteagal 65(4) de Rialachán (AE) 2019/2034, déanfar tagairtí sa Treoir seo d'Airteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais cistí dílse breise ar bhonn aonair de ghnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe 3 d'Airteagal 2(1) den Treoir seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2034 iad a fhorléiriú ar an mbealach seo a leanas:
(a)
le tagairtí do phointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le cóimheas caipitil iomlán sa Treoir seo, tagrófar d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2034;
(b)
le tagairtí d'Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid iomlán na neamhchosanta ar riosca sa Treoir seo, tagrófar don cheanglas is infheidhme in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2034 arna iolrú faoi 12,5. I gcomhréir le hAirteagal 65 de Threoir (AE) 2019/2034, déanfar tagairtí sa Treoir seo d'Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE maidir le ceanglais cistí dílse breise gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe 3 d'Airteagal 2(1) den Treoir seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2034 iad a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|