+Airteagal 45 An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomh agus a chur i bhfeidhm
---+Airteagal 45 1.
---+Airteagal 45 2.
---+Airteagal 45 3.
|
Airteagal 45 An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomh agus a chur i bhfeidhm
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh institiúidí agus eintitis dá dtagraítear i bpointe (b), pointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 1(1), i gcónaí, na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe nuair is gá sin agus i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 45a go 45i.
|
|
Airteagal 45 2.
|
Ríomhfar an ceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 45c(3), (5) nó (7), de réir mar is infheidhme, mar mhéid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe arna shloinneadh mar chéatadáin de na méideanna seo a leanas:
(a)
méid iomlán neamhchosaint ar riosca an eintitis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
(b)
tomhas iomlán neamhchosanta an eintitis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 429 agus 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Airteagal 45 3.
|
I gcomhréir le hAirteagal 65(4) de Rialachán (AE) 2019/2034, déanfar tagairtí sa Treoir seo d'Airteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais cistí dílse breise ar bhonn aonair de ghnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe 3 d'Airteagal 2(1) den Treoir seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2034 iad a fhorléiriú ar an mbealach seo a leanas:
(a)
le tagairtí do phointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le cóimheas caipitil iomlán sa Treoir seo, tagrófar d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2034;
(b)
le tagairtí d'Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid iomlán na neamhchosanta ar riosca sa Treoir seo, tagrófar don cheanglas is infheidhme in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2034 arna iolrú faoi 12,5.
I gcomhréir le hAirteagal 65 de Threoir (AE) 2019/2034, déanfar tagairtí sa Treoir seo d'Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE maidir le ceanglais cistí dílse breise gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe 3 d'Airteagal 2(1) den Treoir seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2034 iad a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|