|
+Airteagal 45b 2. |
Airteagal 45b 2.I dtaca le dliteanais a eascraíonn as ionstraimí fiachais ina bhfuil comhpháirt dhíorthach leabaithe, amhail nótaí struchtúrtha, a chomhlíonann na coinníollacha atá sa chéad fhomhír de mhír 1, cé is moite de phointe (l) d'Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní áireofar iad i suim na gcistí dílse agus dliteanais incháilithe ach i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is eol, tráth a eisítear í, príomhshuim na ndliteanas a eascraíonn as an ionstraim fiachais, tá sí socraithe, nó ag méadú, agus níl aon bheann uirthi ag an ngné dhíorthach neadaithe, is féidir méid iomlán an dliteanais a eascraíonn as an ionstraim fiachais lena n-áirítear an díorthach neadaithe a luacháil ar bhonn laethúil i leith margadh dhá threo leachtach gníomhach d'ionstraim choibhéiseach gan riosca creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 104 agus Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó
(b)
áirítear mar chuid den ionstraim fiachais téarma conarthach ina sonraítear, i gcás dócmhainneacht an eisitheora nó i gcásanna réiteach an eisitheora,ar aon go bhfuil luach an éilimh a dhéanfaidh an t-eisitheoir socraithe nó ag méadú, agus nach mó é ná an tsuim tosaigh a íocadh i leith an dliteanais. I dtaca le hionstraimí fiachais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear a gcuid díorthach neadaithe, ní bheidh siad faoi réir aon chomhaontú glanluachála agus ní bheidh luacháil na n-ionstraimí sin faoi réir Airteagal 49(3). Ní chuimseofar na dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír i méid na gcistí dílse agus dliteanas incháilithe ach i gcás na coda den dliteanas a chomhfhreagraíonn don phríomhshuim dá dtagraítear i bpointe (a) den bhfomhír sin nó don tsuim shocraithe nó mhéadaitheach dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|