+Airteagal 45b Dliteanais incháilithe le haghaidh eintitis réitigh
---+Airteagal 45b 1.
---+Airteagal 45b 2.
---+Airteagal 45b 3.
---+Airteagal 45b 4.
---+Airteagal 45b 5.
---+Airteagal 45b 6.
---+Airteagal 45b 7.
---+Airteagal 45b 8.
---+Airteagal 45b 9.
|
Airteagal 45b Dliteanais incháilithe le haghaidh eintitis réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45b 1.
|
Ní chuimseofar dliteanais i méid chistí dílse agus dhliteanas na n-eintiteas réitigh ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha dá dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:
(b)
Airteagal 72b, cé is moite de phointe (d) de mhír 2; agus
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina dtagraítear sa Treoir seo do na ceanglais atá in Airteagal 92a nó in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is éard a bheidh i gceist le dliteanais incháilithe, chun críche na nAirteagal sin, dliteanais incháilithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 72k den Rialachán sin agus mar a chinntear iad i gcomhréir le Caibidil 5a de Theideal I de Chuid a Dó den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 45b 2.
|
I dtaca le dliteanais a eascraíonn as ionstraimí fiachais ina bhfuil comhpháirt dhíorthach leabaithe, amhail nótaí struchtúrtha, a chomhlíonann na coinníollacha atá sa chéad fhomhír de mhír 1, cé is moite de phointe (l) d'Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní áireofar iad i suim na gcistí dílse agus dliteanais incháilithe ach i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is eol, tráth a eisítear í, príomhshuim na ndliteanas a eascraíonn as an ionstraim fiachais, tá sí socraithe, nó ag méadú, agus níl aon bheann uirthi ag an ngné dhíorthach neadaithe, is féidir méid iomlán an dliteanais a eascraíonn as an ionstraim fiachais lena n-áirítear an díorthach neadaithe a luacháil ar bhonn laethúil i leith margadh dhá threo leachtach gníomhach d'ionstraim choibhéiseach gan riosca creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 104 agus Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó
(b)
áirítear mar chuid den ionstraim fiachais téarma conarthach ina sonraítear, i gcás dócmhainneacht an eisitheora nó i gcásanna réiteach an eisitheora,ar aon go bhfuil luach an éilimh a dhéanfaidh an t-eisitheoir socraithe nó ag méadú, agus nach mó é ná an tsuim tosaigh a íocadh i leith an dliteanais.
I dtaca le hionstraimí fiachais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear a gcuid díorthach neadaithe, ní bheidh siad faoi réir aon chomhaontú glanluachála agus ní bheidh luacháil na n-ionstraimí sin faoi réir Airteagal 49(3). Ní chuimseofar na dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír i méid na gcistí dílse agus dliteanas incháilithe ach i gcás na coda den dliteanas a chomhfhreagraíonn don phríomhshuim dá dtagraítear i bpointe (a) den bhfomhír sin nó don tsuim shocraithe nó mhéadaitheach dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin.
|
|
Airteagal 45b 3.
|
Maidir le dliteanais arna n-eisiúint ag fochuideachta atá bunaithe san Aontas do cheann dá scairshealbhóir atá ann cheana agus nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é, agus go bhfuil an fhochuideachta sin mar chuid den ghrúpa réitigh céanna leis an eintiteas réitigh, cuimseofar na dliteanais sin mar chuid de chistí dílse agus dhliteanas incháilithe an eintitis réitigh sin ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
is i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45f(2) a eisítear iad;
(b)
ní dhéantar difear, ach a bhfeidhmítear an chumhacht chun díluacháil nó comhshó a dhéanamh i dtaca leis na dliteanais sin i gcomhréir le hAirteagal 59 nó Airteagal 62, don rialú a dhéanann an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;
(c)
ní mó na dliteanais sin ná an méid a chinnfear tríd an tsuim seo a leanas a dhealú:
(i)
suim na ndliteanas arna n-eisiúint don eintiteas réitigh agus a cheannaigh an t-eintiteas réitigh sin go díreach nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna agus méid na gcistí dílse arna n-eisiúint i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 45f(2) ó;
(ii)
an méid is gá de bhun Airteagal 45f(1).
|
|
Airteagal 45b 4.
|
Gan dochar don íoscheanglas atá in Airteagal 45c(5) nó pointe (a) d'Airteagal 45d(1)(a), áiritheoidh na húdaráis réitigh go ndéanfaidh eintitis réitigh ar GSIIanna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5)nó (6) iad, cuid den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e is comhionann le 8 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse, a chomhlíonadh lena gcistí dílse féin, le hionstraimí incháilithe fo-ordaithe nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an t-údarás réitigh a cheadú go bhféadfaidh údaráis réitigh ar GSIIanna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) iad, leibhéal is ísle ná 8 % d'iomlán na ndliteanas, lena n-áirítear cistí dílse, ach is airde ná an méid is toradh ar chur i bhfeidhm na foirmle (1-X1/X2) x8 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse, a chomhlíonadh lena gcistí dílse féin, le hionstraimí incháilithe fo-ordaithe nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás ina gcomhlíontar, i bhfianaise an laghdaithe is ceadmhach faoi Airteagal 72b (3) den Rialachán, gur fíor an méid seo a leanas:
X1 = 3.5 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
X2 = toradh 18 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus suim an cheanglais mhaoláin chomhcheangailte.
I dtaca le heintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5), más rud é gur ceanglas is airde ná 27 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca is toradh ar chur i bhfeidhm na chéad fhomhíre den mhír seo, teorannóidh an t-údarás réitigh, i gcás an einteatas réitigh lena mbaineann, an chuid sin den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e, atá le comhlíonadh le húsáid cistí dílse, le hionstraimí incháilithe fo-ordaithe, nó leis na dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo – do mhéid is ionann agus 27 % de mhéid iomlán na neamhchosanta riosca, má mheasann an t-údarás réitigh an méid seo a leanas:
(a)
ní mheastar gur féidir an t-eintiteas réitigh sin sa socrú reitigh a réiteach fiú má thugtar rochtain dó ar an socrú maoinithe réitigh; agus
(b)
san áit nach infheidhme pointe (a), ceadaítear don eintiteas réitigh sin de bhíthin an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45e na ceanglais atá in Airteagal 44(5) nó Airteagal 44(8) a chomhlíonadh, mar is infheidhme.
Agus an measúnú dá dtagraítear sa dara fomhír á chur i gcrích, cuirfidh an t-údarás réitigh san áireamh an riosca go mbeidh tionchar díréireach ar shamhail ghnó an eintitis réitigh lena mbaineann. Ní infheidhme an dara fomhír den mhír seo d'eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(6).
|
|
Airteagal 45b 5.
|
I gcás eintitis réitigh nach GSIIanna iad ná eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) féadfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh go ndéanfar cuid den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e nach airde ná 8 % de dhliteanais iomlána an eintitis réitigh, lena n-áirítear cistí dílse, móide an fhoirmle dá dtagraítear i mír 7, a chomhlíonadh trí chistí dílse, ionstraimí incháilithe fo-ordaithe hionstraimí nó dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá an t-aicmiú tosaíochta céanna ag dliteanais neamh-fho-ordaithe san ordlathas dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 agus agus mír 2 den Airteagal seo agus atá ag dliteanais atá eisiata ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó Airteagal 44(3);
(b)
tá riosca ann go dtabhóidh creidiúnaithe éileamh a tháinig as dliteanais neamh-fho-ordaithe nach bhfuil eisiata ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó Airteagal 44(3), go dtabhódh siad caillteanais níos mó ná a thabhódh siad i bhfoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta mar gheall ar chur i bhfeidhm beartaithe cumhachtaí díluachála agus comhshó maidir leis na dliteanais sin.
(c)
ní bheidh méid na gcistí dílse agus na ndliteanas fo-ordaithe eile os cionn an méid is gá chun a áirithiú nach dtabhóidh creidiúnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) caillteanais os cionn leibhéal na gcaillteanas a thabhóidís ina mhalairt de chás i bhfoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.
I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh gurb amhlaidh, laistigh d'aicme dliteanas lena gcuimsítear dliteanais incháilithe, gur mó é méid na ndliteanas a bhfuil sé réasúnta dóchúil go n-eisiafar iad ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó Airteagal 44(3), gur mó é ná 10 % den aicme sin, déanfaidh an t-údarás réitigh an riosca dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a mheasúnú.
|
|
Airteagal 45b 6.
|
Chun críocha mhír 4, mhír 5 agus mhír 7, áireofar dliteanais dhíorthacha sna dliteanais iomlána ar an mbonn go dtugtar lánaitheantas do chearta glanluachála contrapháirtí. Cistí dílse de chuid eintiteas réitigh a úsáidtear chun an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh, beidh siad incháilithe chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 7 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 45b 7.
|
De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh gur eintitis réitigh ar GSIIanna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5) agus (6) den Treoir seo iad a dhéanfaidh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45e den Treoir seo a chomhlíonadh, le cistí dílse, le ionstraimí incháilithe fo-ordaithe, nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, a mhéid is nach airde suim na gcistí dílse, na n-ionstraimí, ná na ndliteanas sin – mar gheall ar an oibleagáid atá ar an eintiteas réitigh cloí leis an gceanglas maoláin chomhcheangailte agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 45c(5) agus Airteagal 45e den Treoir seo – ná an tsuim is airde díobh seo a leanas:
(a)
8 % de dhliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse, an eintitis réitigh, nó,
(b)
an méid is toradh do chur i bhfeidhm na foirmle Ax2+Bx2+C, nuair is ionann A, B agus C agus na suimeanna seo a leanas:
A = an méid a eascraíonn as an gceanglas dá dtagraítear i bpointe (c)d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
B = an méid a eascraíonn as an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE;
C = an méid a eascraíonn as an gceanglas maoláin chomhcheangailte.
|
|
Airteagal 45b 8.
|
Féadfaidh na húdaráis réitigh an chumhacht dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fheidhmiú i dtaca leis na heintitis réitigh ar G-SIIanna iad nó atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6), agus a chomhlíonann ceann de na coinníollacha a leagtar síos sa dara fomhír den mhír seo, ar choinníoll nach mó líon na n-eintiteas réitigh a shainaithnítear ná 30 % de na heintitis réitigh ar G-SIIanna iad nó atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) agus arb é an t-údarás réitigh a chinneann an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e ina leith. Is iad na coinníollacha a leanas a bhreithneoidh na húdaráis réitigh:
(a)
táthar tar éis baic ar inréititheacht a shainaithint sa mheasúnú inréiteachta roimhe sin, agus:
(i)
ní dhearnadh aon ghníomhaíocht feabhais tar éis chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 17(5), san amlíne a éilíonn an t-údarás réitigh, nó
(ii)
ní féidir aghaidh a thabhairt ar an mbac substaintiúil a sainaithníodh le haon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 17(5), agus dhéanfaí tionchar diúltach na mbaic substainteach ar inréititheacht a chúiteamh go páirteach nó go hiomlán tríd an gcumhacht dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fheidhmiú, nó
(b)
measann an t-údarás réitigh go bhfuil teorainn le hindéantacht agus le creidiúnacht straitéis réitigh tosaíochta an eintitis réitigh, agus aird á tabhairt ar mhéid agus idirnascacht an eintitis, nádúr, raon feidhme, riosca agus castacht ghníomhaíochtaí an eintitis, stádas dlíthiúil an eintitis agus struchtúr scairshealbhóireachta an eintitis, nó
(c)
is léiriú é an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE gur G-SII atá san eintiteas réitigh nó go bhfuil sé faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) den Treoir seo, i dtéarmaí riosca, i measc 20 % is airde d'institiúidí arb é an t-údarás réitigh a chinneann an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) ina leith den Treoir seo.
Chun críocha na gcéatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, déanfaidh an t-údarás réitigh an uimhir a eascraíonn as an ríomh a shlánú suas go dtí an uimhir iomlán is gaire. Trí shainiúlachtaí an chórais baincéireachta náisiúnta acu féin a chur san áireamh, lena n-áirítear go háirithe eintitis réitigh ar GSIIanna iad nó atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) agus arb é an t-údarás náisiúnta réitigh a chinneann an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e ina leith, féadfaidh na Ballstáit an céatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shocrú ar leibhéal is airde ná 30 %.
|
|
Airteagal 45b 9.
|
Is tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil amháin a ghlacfaidh an t-údarás réitigh na cinnti dá dtagraítear i mír 5 nó i mír 7. Agus na cinntí sin á ndéanamh ag an údarás réitigh, cuirfidh sé san áireamh an méid seo a leanas:
(a)
doimhneacht an mhargaidh atá ann d'ionstraimí cistí an eintitis réitigh agus d'ionstraimí incháilithe fo-ordaithe, praghsáil na n-ionstraimí sin, i gcás inarb ann dóibh, mar aon leis an am a theastaíonn chun idirbhearta a chur i gcrích a bhfuil gá leo chun go mbeifear in ann an cinneadh a chomhlíonadh;
(b)
méid na n-ionstraimí dliteanais incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhfuil aibíocht iarmhair acu is giorra ná aon bhliain amháin ón dáta a ndearnadh an cinneadh, d'fhonn go ndéanfaí coigeartuithe cainníochtúla ar na ceanglais dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 7 den Airteagal seo;
(c)
infhaighteacht agus líon na n-ionstraimí a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas pointe (d) d'Airteagal 72b(2) den Rialachán sin;
(d)
an suntasach, le hais dliteanais incháilithe agus cistí dílse an eintitis réitigh, líon na ndliteanas a eisiatar ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó le hAirteagal 44(3) agus a rangaítear, i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ar aon chéim leis na dliteanais incháilithe is airde rangú nó faoina mbun. I gcás nach mó méid na ndliteanas eisiata ná 5 % de mhéid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe de chuid an eintitis réitigh, measfar gur gan suntas an méid a eisiadh. Más airde ná an tairseach sin, déanfaidh na húdaráis réitigh na dliteanais eisiata a mheasúnú;
(e)
samhail ghnó, samhail mhaoinithe, agus próifíl riosca an eintitis réitigh, chomh maith lena chobhsaíocht agus a chumas rannchuidiú leis an ngeilleagar; agus
(f)
an tionchar a bheadh ag costais fhéideartha athstruchtúrúcháin ar athchaipitliú an eintitis réitigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|