|
+Airteagal 45c 1. |
Airteagal 45c 1.Is é an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, a chinnfidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i gcás gach eintitis, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
(a)
an gá atá ann a áirithiú gur féidir an grúpa réitigh a réiteach trí na huirlisí, lena n-áirítear, an uirlis fortharrthála, a chur i bhfeidhm ar an eintiteas réitigh ar chaoi a chomhlíonann na cuspóirí réitigh;
(b)
an gá atá ann a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe leordhóthanacha ag an eintiteas réitigh gona fhochuideachtaí ar institiúidí nó eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) iad ach nach eintitis réitigh iad, chun a áirithiú, dá gcuirfíí i bhfeidhm orthu an uirlis fortharrthála nó na cumhachtaí díluachála agus comhshó, faoi seach, gurbh fhéidir caillteanais a ionsú agus gurbh fhéidir an cóimheas caipitil iomlán a athbhunú agus, mar is infheidhme, cóimheas luamhánaithe na n-eintiteas ábhartha a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leo leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE;
(c)
an gá atá ann a áirithiú gur leor, má tá coinne sa phlean réitigh gur féidir go mbeidh aicmí áirithe dliteanas incháilithe eisiata ón bhfortharrtháil de bhun Airteagal 44(3) den Treoir seo, nó go n-aistreofar iad chuig faighteoir go hiomlán faoi pháirt-aistriú, gur leor na cistí dílse agus dliteanais incháilithe eile atá ag eintiteas réitigh chun a áirithiú gur féidir caillteanais a iompar agus gur féidir a chóimheas caipitil iomlán, agus más infheidhme, a chóimheas luamhánaithe a athbhunú go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leis leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil sé údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE;
(d)
méid, samhail ghnó, samhail mhaoinithe agus próifíl riosca na hinstitiúide agus an eintitis;
(e)
a mhéid a dhéanfadh cliseadh an eintitis dochar do chobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear trí aicídiú an eintitis le hinstitiúidí nó eintitis eile mar gheall ar idirnascthacht an eintitis le hinstitiúidí nó eintitis eile nó leis an gcuid eile den chóras airgeadais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|