+Airteagal 45c An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh
---+Airteagal 45c 1.
---+Airteagal 45c 2.
---+Airteagal 45c 2a.
---+Airteagal 45c 3.
---+Airteagal 45c 4.
---+Airteagal 45c 5.
---+Airteagal 45c 6.
---+Airteagal 45c 7.
---+Airteagal 45c 8.
---+Airteagal 45c 9.
---+Airteagal 45c 10.
|
Airteagal 45c An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45c 1.
|
Is é an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, a chinnfidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i gcás gach eintitis, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
(a)
an gá atá ann a áirithiú gur féidir an grúpa réitigh a réiteach trí na huirlisí, lena n-áirítear, an uirlis fortharrthála, a chur i bhfeidhm ar an eintiteas réitigh ar chaoi a chomhlíonann na cuspóirí réitigh;
(b)
an gá atá ann a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe leordhóthanacha ag an eintiteas réitigh gona fhochuideachtaí ar institiúidí nó eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) iad ach nach eintitis réitigh iad, chun a áirithiú, dá gcuirfíí i bhfeidhm orthu an uirlis fortharrthála nó na cumhachtaí díluachála agus comhshó, faoi seach, gurbh fhéidir caillteanais a ionsú agus gurbh fhéidir an cóimheas caipitil iomlán a athbhunú agus, mar is infheidhme, cóimheas luamhánaithe na n-eintiteas ábhartha a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leo leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE;
(c)
an gá atá ann a áirithiú gur leor, má tá coinne sa phlean réitigh gur féidir go mbeidh aicmí áirithe dliteanas incháilithe eisiata ón bhfortharrtháil de bhun Airteagal 44(3) den Treoir seo, nó go n-aistreofar iad chuig faighteoir go hiomlán faoi pháirt-aistriú, gur leor na cistí dílse agus dliteanais incháilithe eile atá ag eintiteas réitigh chun a áirithiú gur féidir caillteanais a iompar agus gur féidir a chóimheas caipitil iomlán, agus más infheidhme, a chóimheas luamhánaithe a athbhunú go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leis leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil sé údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE;
(d)
méid, samhail ghnó, samhail mhaoinithe agus próifíl riosca na hinstitiúide agus an eintitis;
(e)
a mhéid a dhéanfadh cliseadh an eintitis dochar do chobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear trí aicídiú an eintitis le hinstitiúidí nó eintitis eile mar gheall ar idirnascthacht an eintitis le hinstitiúidí nó eintitis eile nó leis an gcuid eile den chóras airgeadais.
|
|
Airteagal 45c 2.
|
Má fhoráiltear sa phlean réitigh go bhfuil an ghníomhaíocht réitigh le déanamh nó go bhfuil an chumhacht chun ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe ábhartha a dhíluacháil agus a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 le feidhmiú, i gcomhréir leis an gcás dá dtagraítear in Airteagal 10(3), beidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) cothrom le pé méid is leor chun a áirithiú:
(a)
go n-ionsúfar go hiomlán na caillteanais ar féidir go mbeifí ag súil go dtabhódh an t-eintiteas iad ('ionsú caillteanas');
(b)
go n-athchaipitleofar an t-eintiteas réitigh gona fhochuideachtaí ar institiúidí nó eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) n Airteagal 1(1) iad, ach nach eintitis réitigh, go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leo leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE, Treoir 2014/65/AE nó a choibhéis de ghníomh reachtach ar feadh tréimhse iomchuí nach faide ná bliain amháin ('athchaipitliú').
|
|
Airteagal 45c 2a.
|
Ní chinnfidh na húdaráis réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) deintitis leachtaithe. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údarás réitigh measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil bonn cirt leis an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a chinneadh le haghaidh eintiteas leachtaithe ar bhonn aonair ag méid atá níos mó ná an méid atá leordhóthanach chun caillteanais a ionsú i gcomhréir le mír 2, pointe (a), den Airteagal seo. Cuirfidh an t-údarás réitigh san áireamh ina mheasúnú, go háirithe, aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar chobhsaíocht airgeadais agus ar an riosca tógálachta don chóras airgeadais, lena n-áirítear maidir le hacmhainneacht mhaoiniúcháin na scéimeanna ráthaithe taiscí. I gcás ina gcinneann an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1), comhlíonfaidh an t-eintiteas leachtaithe an ceanglas sin trí cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a úsáid:
(b)
dliteanais lena gcomhlíontar na critéir incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas Airteagal 72b(2), pointí (b) agus (d), den Rialachán sin;
(c)
na dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 45b(2).
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 77(2) agus Airteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis leachtaithe nár chinn an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) den Treoir seo ina leith. Maidir le sealúchais ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag fo-institiúidí ar eintitis leachtaithe iad nár chinn an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) ina leith, ní dhéanfar iad a asbhaint faoi Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. De mhaolú ar an gceathrú fomhír, déanfaidh institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), nach eintiteas réitigh é nó í féin ach fochuideachta d’eintiteas réitigh nó d’eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mba san Aontas a bheadh sé bunaithe a sealúchais d’ionstraimí cistí dílse i bhfo-institiúidí a asbhaint ar leis an ngrúpa réitigh céanna iad agus ar eintitis leachtaithe iad nár chinn an t-údarás réitigh ina leith an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i gcás ina bhfuil méid comhiomlán na sealúchas sin cothrom le, nó níos mó ná, 7 % de mhéid iomlán a gcistí dílse agus a ndliteanais lena gcomhlíontar na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 45f(2), a ríomhtar go bliantúil an 31 Nollaig mar mheán thar an 12 mhí roimhe sin.
|
|
Airteagal 45c 3.
|
I gcás eintitis réitigh, is éard a bheidh sa mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 an méid seo a leanas:
(a)
chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45(2), suim na méideanna seo a leanas:
(i)
an méid caillteanas atá le hionsú i réiteach a chomhfhreagraíonn do cheanglais an eintitis réitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar leibhéal an ghrúpa réitigh fo-chomhdhlúite;
(ii)
méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an ngrúpa réitigh a tháinig as réiteach an comhlíonadh lena cheanglas i leith cóimheas caipitil iomlán dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a athbhunú agus a cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh tar éis straitéis réitigh na tosaíochta a chur chun feidhme; agus
(b)
chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 45(2), suim na méideanna seo a leanas:
(i)
méid na gcaillteanas atá le hionsú i réiteach a chomhfhreagraíonn do chóimheas luamhánaithe an eintitis réitigh dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh; agus
(ii)
méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an ngrúpa réitigh a tháinig as réiteach an comhlíonadh leis an gceanglas cóimheasa luamhánaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a athbhunú ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh tar éis straitéis réitigh na tosaíochta a chur chun feidhme.
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 45(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír, roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán. Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 45(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, roinnte ar thomhas na neamhchosanta iomláine. Agus an ceanglas aonair dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo á socrú aige, cuirfidh an t-údarás réitigh san áireamh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 37(10), 44(5) agus 44(8). Agus na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna roimhe seo á socrú, déanfaidh an t-údarás réitigh:
(a)
leas a bhaint as na luachanna tuairiscithe is déanaí le haghaidh mhéid iomlán ábhartha na neamhchosanta ar riosca nó thomhas na neamhchosanta iomláine, arna choigeartú le haghaidh aon athruithe a thagann as gníomhaíochtaí réitigh a leagtar amach sa phlean réitigh; agus
(b)
tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, an méid atá comhfhreagrach leis an gceanglas atá ann faoi láthair dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a choigeartú anuas nó aníos chun an ceanglas atá le feidhm a bheith aige maidir leis an eintiteas réitigh a chinneadh tar éis chur chun feidhme straitéis réitigh na tosaíochta.
Beidh an t-údarás réitigh in ann an ceanglas dá bhforáiltear i bpointe (a) (ii) den chéad fhomhír a mhéadú méid iomchuí is gá chun a áirithiú go bhfuil an t-eintiteas in ann muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú, tar éis an réitigh, ar feadh tréimhse ama iomchuí, nach faide ná bliain amháin. I gcás ina mbeidh feidhm ag an séú fomhír den mhír seo, is é a bheidh sa mhéid dá dtagráitear san fhomhír sin méid is ionann agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a bhfuil feidhm le bheith aige tar éis chur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh, lúide an méid dá dtagraítear i bpointe (a) de phointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/ AE. Déanfar an méid dá dtagraítear sa séú fomhír den mhír seo a choigeartú anuas más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, go gcinneann an t-údarás réitigh, gurb indéanta agus inchreidte é gur leordhóthanach méid níos ísle chun muinín an mhargaidh a chaomhnú agus lena háirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadaisphoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ó shocruithe maoinithe réitigh, i gcomhréir le agus Airteagal 44(5) agus (8) agus le hAirteagal 101 (2), tar éis chur chun feidhme na straitéise réitigh. Déanfar an méid sin a ardú más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, go gcinneann an t-údarás réitigh gur gá leibhéal níos airde chun muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú agus lena háirithiú go leanfaidh an institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 1 (1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain aige nó aici ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ó shocruithe maoinithe réitigh, i gcomhréir le hAirteagal 44(5) agus (8) agus le hAirteagal 101(2), ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin.
|
|
Airteagal 45c 4.
|
Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag na húdaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh leibhéal comhdhlúite an ghrúpa i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin per se de bhun na Treorach réamhráite. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 45c 5.
|
I dtaca le heintitis réitigh nach bhfuil faoi réir Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus atá mar chuid de ghrúpa réitigh ar mó ná EUR 100 billiún a shócmhainní iomlána, beidh leibhéal an cheanglais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar a laghad cothrom:
(a)
le 13,5 % nuair a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45(2); agus
(b)
le 5 % nuair a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 45(2).
De mhaolú ar Airteagal 45b, na heintitis réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh siad leibhéal an cheanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo atá cothrom le 13.5 % nuair a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45(2) é agus cothrom le 5 % nuair a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 45(2) é ag úsáid cistí dílse, ionstraimí incháilithe fo-ordaithe, nó dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 45b(3) den Treoir seo.
|
|
Airteagal 45c 6.
|
Ar dhul i gcomhairle leis an údarás inniúil, féadfaidh an t-údarás a chinneadh na ceanglais a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas réitigh nach bhfuil faoi réir Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus atá mar chuid de ghrúpa réitigh ar lú ná EUR 100 billiún a shócmhainní iomlána, agus a measann an t-údarás réitigh gur dócha go réasúnta, dar leis an údarás náisiúnta réitigh, riosca sistéamach a bheith ag gabháil leis i gcás a chliste. Agus cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh, cuirfidh an t-údarás náisiúnta réitigh an méid seo san áireamh:
(a)
leitheadúlacht taiscí agus neamhláithreacht ionstraimí fiachais sa tsamhail chistiúcháin;
(b)
an méid a bhfuil rochtain ar na margaí caipitil le haghaidh dliteanais incháilithe teoranta;
(c)
an méid a bhfuil an eintiteas réitigh spleách ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun freastal ar an riachtanas dá dtagraítear in Airteagal 45e.
I gcás nach ndéantar cinneadh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, beidh sin gan dochar d'aon chinneadh a dhéanfar faoi Airteagal 45b(5).
|
|
Airteagal 45c 7.
|
I gcás eintitis nach eintitis réitigh iontu féin iad, is éard a bheidh sa mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 an méid seo a leanas:
(a)
chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45(2), suim na méideanna seo a leanas:
(i)
an méid caillteanas atá le hionsú a chomhfhreagraíonn do cheanglais an eintitis dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE; agus
(ii)
méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an eintiteas an comhlíonadh lena cheanglas i leith cóimheas caipitil iomlán dá dtagraítear in Airteagal 92(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus lena cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE, a athbhunú, tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 den Treoir seo nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh; agus
(b)
chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 45(2), suim na méideanna seo a leanas:
(i)
an méid caillteanas atá le hionsú i réiteach a chomhfhreagraíonn do chóimheas luamhánaithe an eintitis dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
(ii)
méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an eintiteas an comhlíonadh lena cheanglas cóimheasa luamhánaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a athbhunú, tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 den Treoir seo nó le réiteach an ghrúpa réitigh.
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 45(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán. Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 45(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, roinnte ar thomhas na neamhchosanta iomláine. Agus an ceanglas aonair dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo á shocrú aige, cuirfidh an t-údarás réitigh san áireamh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 37(10), 44(5) agus 44(8). Agus na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna sin roimhe seo á socrú aige, déanfaidh an t-údarás réitigh an méid seo a leanas:
(a)
leas a bhaint as na luachanna tuairiscithe is déanaí le haghaidh mhéid iomlán ábhartha na neamhchosanta ar riosca nó thomha iomlán na neamhchosanta, arna choigeartú le haghaidh aon athruithe a thagann as gníomhaíochtaí réitigh a leagtar amach sa phlean réitigh; agus
(b)
tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, an méid atá comhfhreagrach leis an gceanglas atá ann faoi láthair dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a choigeartú síos nó suas chun an ceanglas a chinneadh atá le feidhm a bheith aige a maidir leis an eintiteas ábhartha tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 den Treoir seo nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh.
Beidh an t-údarás réitigh in ann an ceanglas dá bhforáiltear i bpointe (a) (ii) den chéad fhomhír den mhír seo a mhéadú méid iomchuí is gá chun a áirithiú, tar éis an chumhacht chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 a fheidhmiú, go bhfuil an t-eintiteas in ann muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin. I gcás ina mbeidh feidhm ag an séú fomhír den mhír seo, beidhméid an dá dtagraítrear san fhomhír ionann agus an ceanglas maoláin comhcheangailte atá le feidhm a bheith aige, tar éis an chumhacht dá dtagraítear Airteagal 59 a fheidhmiú, nó tar éis réiteach an eintitis réitigh, lúide an méid dá dtagraítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/ AE Déanfar an méid dá dtagraítear sa séú fomhír den mhír seo a choigeartú aníos, más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, go gcinneann an t-údarás réitigh gurb indéanta agus inchreidte é gur leordhóthanach méid níos ísle chun muinín an mhargaidh a áirithiú agus lena áirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) nó (d) d'Airteagal 1(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain aige nó aici ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ó shocruithe maoinithe réitigh, i gcomhréir agus le míreanna 5 agus 8 d'Airteagal 44 agus le hAirteagal 101(2), tar éis fheidhmiú na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 59 nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh. Déanfar an méid sin a choigeartú suas más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, go gcinneann an Bord gur gá méid níos airde chun muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú agus lena áirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) nó (d) d'Airteagal 1(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain aige nó aici ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ó shocruithe maoinithe réitigh, i gcomhréir lemíreanna 5 agus 8 d'Airteagal 44(5) agus (8) agus le hAirteagal 101(2) ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin.
|
|
Airteagal 45c 8.
|
I gcás inar dóigh leis an údarás réitigh go bhfuil sé réasúnta dóchúil go n-eisiafar, go hiomlán nó go páirteach, aicmí áirithe dliteanas incháilithe ón bhfortharrtháil de bhun Airteagal 44(3) nó go n-aistreofaí iad go iomlán chuig faighteoir in aistriú páirteach, déanfar an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a chomhlíonadh le cistí dílse nó dliteanais incháilithe eile ar leor iad chun:
(a)
méid na ndliteanas eisiata a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 44(3) a chumhdach;
(b)
a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2.
|
|
Airteagal 45c 9.
|
I gcinneadh ar bith ón údarás réitigh íoscheangal cistí dílse agus dliteanas incháilithe a fhorchur faoin Airteagal seo, beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 2 go dtí 8 den Airteagal seo, agus déanfaidh an t-údarás réitigh athbhreithniú air gan aon mhoill mhíchuí chun aon athruithe ar leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a léiriú.
|
|
Airteagal 45c 10.
|
Chun críocha mhír 3 agus mhír 7 den Airteagal seo, léireofar na ceanglais chaipitil i gcomhréir leis an gcur i bhfeidhm a dhéanann an t-údarás inniúil ar fhorálacha idirthréimhseacha a leagtar síos i gCaibidil 1, Caibidil 2 agus Caibidil 4 de Theideal I de Chuid a Deich de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i bhforálacha na reachtaíochta náisiúnta a fheidhmíonn na roghanna a tugadh do na húdaráis inniúla leis an Rialachán sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|