|
+Airteagal 45c 2. |
Airteagal 45c 2.Má fhoráiltear sa phlean réitigh go bhfuil an ghníomhaíocht réitigh le déanamh nó go bhfuil an chumhacht chun ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe ábhartha a dhíluacháil agus a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 le feidhmiú, i gcomhréir leis an gcás dá dtagraítear in Airteagal 10(3), beidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) cothrom le pé méid is leor chun a áirithiú:
(a)
go n-ionsúfar go hiomlán na caillteanais ar féidir go mbeifí ag súil go dtabhódh an t-eintiteas iad ('ionsú caillteanas');
(b)
go n-athchaipitleofar an t-eintiteas réitigh gona fhochuideachtaí ar institiúidí nó eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) n Airteagal 1(1) iad, ach nach eintitis réitigh, go dtí an leibhéal is gá chun gur féidir leo leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE, Treoir 2014/65/AE nó a choibhéis de ghníomh reachtach ar feadh tréimhse iomchuí nach faide ná bliain amháin ('athchaipitliú'). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|