|
+Airteagal 45c 7. |
Airteagal 45c 7.I gcás eintitis nach eintitis réitigh iontu féin iad, is éard a bheidh sa mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 an méid seo a leanas:
(a)
chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45(2), suim na méideanna seo a leanas:
(i)
an méid caillteanas atá le hionsú a chomhfhreagraíonn do cheanglais an eintitis dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE; agus
(ii)
méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an eintiteas an comhlíonadh lena cheanglas i leith cóimheas caipitil iomlán dá dtagraítear in Airteagal 92(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus lena cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE, a athbhunú, tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 den Treoir seo nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh; agus
(b)
chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 45(2), suim na méideanna seo a leanas:
(i)
an méid caillteanas atá le hionsú i réiteach a chomhfhreagraíonn do chóimheas luamhánaithe an eintitis dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
(ii)
méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an eintiteas an comhlíonadh lena cheanglas cóimheasa luamhánaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a athbhunú, tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 den Treoir seo nó le réiteach an ghrúpa réitigh. Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 45(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán. Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 45(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, roinnte ar thomhas na neamhchosanta iomláine. Agus an ceanglas aonair dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo á shocrú aige, cuirfidh an t-údarás réitigh san áireamh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 37(10), 44(5) agus 44(8). Agus na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna sin roimhe seo á socrú aige, déanfaidh an t-údarás réitigh an méid seo a leanas:
(a)
leas a bhaint as na luachanna tuairiscithe is déanaí le haghaidh mhéid iomlán ábhartha na neamhchosanta ar riosca nó thomha iomlán na neamhchosanta, arna choigeartú le haghaidh aon athruithe a thagann as gníomhaíochtaí réitigh a leagtar amach sa phlean réitigh; agus
(b)
tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, an méid atá comhfhreagrach leis an gceanglas atá ann faoi láthair dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a choigeartú síos nó suas chun an ceanglas a chinneadh atá le feidhm a bheith aige a maidir leis an eintiteas ábhartha tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 den Treoir seo nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh. Beidh an t-údarás réitigh in ann an ceanglas dá bhforáiltear i bpointe (a) (ii) den chéad fhomhír den mhír seo a mhéadú méid iomchuí is gá chun a áirithiú, tar éis an chumhacht chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 a fheidhmiú, go bhfuil an t-eintiteas in ann muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin. I gcás ina mbeidh feidhm ag an séú fomhír den mhír seo, beidhméid an dá dtagraítrear san fhomhír ionann agus an ceanglas maoláin comhcheangailte atá le feidhm a bheith aige, tar éis an chumhacht dá dtagraítear Airteagal 59 a fheidhmiú, nó tar éis réiteach an eintitis réitigh, lúide an méid dá dtagraítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/ AE Déanfar an méid dá dtagraítear sa séú fomhír den mhír seo a choigeartú aníos, más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, go gcinneann an t-údarás réitigh gurb indéanta agus inchreidte é gur leordhóthanach méid níos ísle chun muinín an mhargaidh a áirithiú agus lena áirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) nó (d) d'Airteagal 1(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain aige nó aici ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ó shocruithe maoinithe réitigh, i gcomhréir agus le míreanna 5 agus 8 d'Airteagal 44 agus le hAirteagal 101(2), tar éis fheidhmiú na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 59 nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh. Déanfar an méid sin a choigeartú suas más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, go gcinneann an Bord gur gá méid níos airde chun muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú agus lena áirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) nó (d) d'Airteagal 1(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain aige nó aici ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ó shocruithe maoinithe réitigh, i gcomhréir lemíreanna 5 agus 8 d'Airteagal 44(5) agus (8) agus le hAirteagal 101(2) ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|