+Airteagal 45h 2.

Airteagal 45h 2.

I gcás inar eintitis réitigh nó eintitis tríú tír a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas iad níos mó ná G-SII amháin atá mar chuid den G-SII céanna, déanfaidh na húdaráis réitigh dá dtagraítear i mír 1 plé agus, i gcás ina bhfuil sé iomchuí agus comhsheasmhach le straitéis réitigh G-SII, comhaontóidh siad Airteagal 72e de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm mar aon le haon choigeartú a dhéanfar chun an difríocht idir suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (a), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis réitigh aonair nó eintitis tríú tír agus suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (b), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a íoslaghdú nó a dhíothú.

Féadfar coigeartú den chineál sin a chur i bhfeidhm faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a) 

féadfar an coigeartú a chur i bhfeidhm i dtaca leis na difríochtaí i ríomh méideanna na neamhchosanta iomláine ar riosca idir na Ballstáit nó na tríú tíortha ábhartha trí leibhéal an cheanglais a choigeartú;

(b) 

ní chuirfear an coigeartú i bhfeidhm chun difríochtaí a eascraíonn as neamhchosaintí idir grúpaí réitigh a dhíothú.

Ní bheidh suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (a), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis réitigh aonair nó eintitis tríú tír a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas níos lú ná suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (b), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.