+Airteagal 45h Nós imeachta maidir leis an gceanglas a chinneadh
---+Airteagal 45h 1.
---+Airteagal 45h 2.
---+Airteagal 45h 3.
---+Airteagal 45h 4.
---+Airteagal 45h 5.
---+Airteagal 45h 6.
---+Airteagal 45h 7.
---+Airteagal 45h 8.
|
Airteagal 45h Nós imeachta maidir leis an gceanglas a chinneadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45h 1.
|
Údarás réitigh an eintitis réitigh, an t-údarás réitigh ar leibhéal an ghrúpa, i gcás nach ionann é agus údarás réitigh an eintitis réitigh, agus na húdaráis réitigh atá freagrach as fochuideachtaí grúpa réitigh atá faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45f ar bhonn aonair, déanfaidh siad sin gach dá bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir le:
(a)
méid an cheanglais atá le cur i bhfeidhm ar leibhéal an ghrúpa chomhdhlúite réitigh maidir le gach eintiteas réitigh; agus
(b)
méid an cheanglais arna chur i bhfeidhm ar bhonn aonair maidir le gach eintiteas de chuid grúpa réitigh nach eintiteas réitigh é.
Áiritheofar leis an gcinneadh comhpháirteach go mbeidh comhlíonadh Airteagal 45e agus 45f lánréasúnaithe agus:
(a)
go gcuirfidh an t-údarás réitigh ar fáil don údarás réitigh é;
(b)
go gcuirfidh údaráis réitigh na n-eintiteas sin nach eintitis réitigh iad féin ach ar cuid de ghrúpa réitigh iad an cinneadh réamhráite ar fáil dóibh;
(c)
go gcuirfidh údarás réitigh an eintitis réitigh ar fáil do mháthairghnóthas Aontais an ghrúpa é, nuair nach eintiteas réitigh sa ghrúpa réitigh céanna an máthairghnóthas an Aontais féin.
Féadfar a fhoráil sa chinneadh comhpháirteach arna ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, ach sin a bheith ag teacht leis an straitéis réitigh agus a fhad is nár cheannaigh an t-eintiteas réitigh go díreach nó go hindíreach leordhóthain ionstraimí i gcomhréir le hAirteagal 45f(2), go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45c(7) comhlíonta go páirteach ag an bhfochuideachta i gcomhréir le hAirteagal 45f(2) le hionstraimí arna n-eisiúint do na heintitis nach mbaineann leis an ngrúpa réitigh agus á gceannach acu.
|
|
Airteagal 45h 2.
|
I gcás inar eintitis réitigh nó eintitis tríú tír a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas iad níos mó ná G-SII amháin atá mar chuid den G-SII céanna, déanfaidh na húdaráis réitigh dá dtagraítear i mír 1 plé agus, i gcás ina bhfuil sé iomchuí agus comhsheasmhach le straitéis réitigh G-SII, comhaontóidh siad Airteagal 72e de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm mar aon le haon choigeartú a dhéanfar chun an difríocht idir suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (a), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis réitigh aonair nó eintitis tríú tír agus suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (b), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a íoslaghdú nó a dhíothú. Féadfar coigeartú den chineál sin a chur i bhfeidhm faoi réir an mhéid seo a leanas:
(a)
féadfar an coigeartú a chur i bhfeidhm i dtaca leis na difríochtaí i ríomh méideanna na neamhchosanta iomláine ar riosca idir na Ballstáit nó na tríú tíortha ábhartha trí leibhéal an cheanglais a choigeartú;
(b)
ní chuirfear an coigeartú i bhfeidhm chun difríochtaí a eascraíonn as neamhchosaintí idir grúpaí réitigh a dhíothú.
Ní bheidh suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (a), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis réitigh aonair nó eintitis tríú tír a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas níos lú ná suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (b), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Airteagal 45h 3.
|
Mura dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí, déanfar cinneadh i gcomhréir le míreanna 4 go 6.
|
|
Airteagal 45h 4.
|
I gcás nach dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí de thoradh easaontú maidir le ceanglas comhdhlúite ar leibhéal an ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 45e, déanfaidh údarás réitigh an eintitis réitigh cinneadh maidir leis an gceanglas comhdhlúite tar éis an méid seo a chur san áireamh go hiomchuí:
(a)
measúnú ar eintitis an ghrúpa eintiteas nach eintitis réitigh iad, arna dhéanamh ag na húdaráis ábhartha réitigh;
(b)
tuairim an údaráis réitigh ar leibhéal grúpa, i gcás nach ionann é sin agus tuairim údaráis réitigh an eintitis réitigh.
Más rud é, ag deireadh na tréimhse ceithre mhí, gur chuir aon cheann de na húdaráis an t-ábhar a chur faoi bhráid ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh údarás réitigh an eintitis réitigh a chinneadh siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lena chinneadh, agus glacfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Cuirfidh cinneadh ÚBE pointí (a) agus (b) den chéad fhomhír san áireamh. Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh 1093/2010. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig ÚBE má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. In éagmais chinneadh ó ÚBE laistigh d'aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh údarás réitigh an eintitis réitigh.
|
|
Airteagal 45h 5.
|
Mura dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí de thoradh easaontú maidir le leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45f a bheidh le cur i bhfeidhm ar aon eintiteas de chuid grúpa réitigh ar bhonn aonair, déanfaidh údaráis réitigh an eintitis sin faoi seach an cinneadh i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a)
tá na tuairimí agus na forchoimeádais a chuir údarás réitigh an eintitis réitigh i scríbhinn curtha san áireamh go hiomchuí, agus
(b)
tá tuairimí agus ábhair amhrais an údaráis réitigh ar leibhéal grúpa, a cuireadh i scríbhinn, curtha san áireamh go hiomchuí i gcás nárbh é údarás réitigh an eintitis réitigh an t-údarás sin;
I gcás, ag deireadh na tréimhse ceithre mhí, ina bhfuil údarás réitigh an eintitis réitigh nó an t-údarás réitigh ar leibhéal grúpa tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh na húdaráis réitigh atá freagrach as na fochuideachtaí ar bhonn aonair a gcinntí siar agus fanfaidh siad ar aon chinneadh a fhéadfaidh ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin, agus déanfaidh siad a gcinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Cuirfidh cinneadh ÚBE pointí (a) agus (b) den chéad fhomhír san áireamh. Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh 1093/2010. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig ÚBE má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. Ní dhéanfaidh údarás réitigh an eintitis réitigh ná údarás réitigh leibhéal an ghrúpa an scéal a chur faoi bhráid ÚBE le hidirghabháil cheangailteach a dhéanamh nuair atá an leibhéal a shocraigh údarás réitigh na fochuideachta:
(a)
faoi bhun 2 % de mhéid iomlán méid iomlán na neamhchosanta riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e; agus
(b)
i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 45c(7).
Cheal ar chinneadh ó ÚBE laistigh de mhí amháin, beidh feidhm ag cinntí údarás réitigh na bhfochuideachtaí. Déanfar an cinneadh comhpháirteach agus aon chinntí a dhéanfar mura ndéantar cinneadh comhpháirteach a athbhreithniú agus a nuashonrú ar bhonn rialta i gcás inarb ábhartha.
|
|
Airteagal 45h 6.
|
Mura dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí de thoradh easaontú maidir le leibhéal cheanglas an ghrúpa réitigh comhdhlúite agus leibhéal an cheanglais a bheidh le cur ar eintitis an ghrúpa réitigh ar bhonn aonair, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
déanfar cinneadh maidir le leibhéal an cheanglais a bheidh le cur ar fhochuideachtaí an ghrúpa réitigh ar bhonn aonair i gcomhréir le mír 5;
(b)
déanfar cinneadh maidir le leibhéal cheanglas an ghrúpa réitigh chomhdhlúite i gcomhréir le mír 4.
|
|
Airteagal 45h 7.
|
Beidh an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 agus aon chinntí a dhéanfaidh na húdaráis réitigh dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 6 mura ndéantar cinneadh comhpháirteach, beidh siad sin ina gceangal ar na húdaráis réitigh lena mbaineann. Déanfar an cinneadh comhpháirteach agus aon chinntí a dhéanfar mura ndéantar cinneadh comhpháirteach a athbhreithniú agus a nuashonrú ar bhonn rialta i gcás inarb ábhartha.
|
|
Airteagal 45h 8.
|
Éileoidh údaráis réitigh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, agus fíoróidh siad go gcomhlíonfaidh eintitis an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1), agus déanfaidh siad aon chinneadh de bhun an Airteagail seo i gcomhthráth le forbairt agus cothabháil na bpleananna réitigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|