|
+Airteagal 45i 1. |
Airteagal 45i 1.Cuirfidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45(1), an fhaisnéis seo a leanas ar fáil dá gcuid údarás inniúil agus réitigh:
(a)
méideanna na gcistí dílse a chomhlíonann, mar is infheidhme, na coinníollacha atá i bpointe (b) d'n Airteagal 45f(2)den Treoir seo agus méideanna na ndliteanas incháilithe, agus sloinneadh na méideanna sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) den Treoir seo, tar éis laghduithe ar bith i gcomhréir le hAirteagail 72e go 72j de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b)
méideanna na ndliteanas in-fhortharrthála eile;
(c)
i dtaca leis na hítimí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b):
(i)
a gcomhdhéanamh, lena n-áirítear a bpróifíl aibíochta,
(ii)
a rangú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, agus
(iii)
cé acu atáthar nó nach bhfuiltear á rialú ag dlíthe tríú tír agus, más amhlaidh an cás, ainm an tríú tír agus cé acu atá nó nach bhfuil sna dlíthe sin na téarmaí conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Treoir seo, pointí (p) agus (q) d'Airteagal 52(1) agus pointí (n) agus (o) d'Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tuairisciú a dhéanamh ar mhéideanna na ndliteanas in-fhortharrthála eile dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo maidir le heintitis a shealbhaíonn, ar dháta tuairiscithe na faisnéise sin, méideanna cistí dílse agus dliteanais incháilithe de 150 % ar a laghad den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|