+Airteagal 45i Tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí a dhéanamh ar an gceanglas
---+Airteagal 45i 1.
---+Airteagal 45i 2.
---+Airteagal 45i 3.
---+Airteagal 45i 4.
---+Airteagal 45i 5.
---+Airteagal 45i 6.
---+Airteagal 45i 7.

Airteagal 45i Tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí a dhéanamh ar an gceanglas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 45i 1.

Cuirfidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45(1), an fhaisnéis seo a leanas ar fáil dá gcuid údarás inniúil agus réitigh:

(a) 

méideanna na gcistí dílse a chomhlíonann, mar is infheidhme, na coinníollacha atá i bpointe (b) d'n Airteagal 45f(2)den Treoir seo agus méideanna na ndliteanas incháilithe, agus sloinneadh na méideanna sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) den Treoir seo, tar éis laghduithe ar bith i gcomhréir le hAirteagail 72e go 72j de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b) 

méideanna na ndliteanas in-fhortharrthála eile;

(c) 

i dtaca leis na hítimí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b):

(i) 

a gcomhdhéanamh, lena n-áirítear a bpróifíl aibíochta,

(ii) 

a rangú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, agus

(iii) 

cé acu atáthar nó nach bhfuiltear á rialú ag dlíthe tríú tír agus, más amhlaidh an cás, ainm an tríú tír agus cé acu atá nó nach bhfuil sna dlíthe sin na téarmaí conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Treoir seo, pointí (p) agus (q) d'Airteagal 52(1) agus pointí (n) agus (o) d'Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tuairisciú a dhéanamh ar mhéideanna na ndliteanas in-fhortharrthála eile dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo maidir le heintitis a shealbhaíonn, ar dháta tuairiscithe na faisnéise sin, méideanna cistí dílse agus dliteanais incháilithe de 150 % ar a laghad den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 45i 2.

Tuairisceoidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

faoi dhó sa bhliain, ar a laghad, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, agus

(b) 

uair sa bhliain, ar a laghad, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) agus (c) de mhír 1.

Mar sin féin, arna iarraidh sin don údarás inniúil nó don údarás réitigh, tuairisceoidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 níos minice ná sin.

Airteagal 45i 3.

Cuirfidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go poiblí ar bhonn bliantúil ar a laghad:

(a) 

méideanna na gcistí dílse, nuair is infheidhme, a chomhlíonann na coinníollacha atá i bpointe (b)d'Airteagal 45f(2) maille le dliteanais incháilithe;

(b) 

comhdhéanamh na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear a bpróifíl aibíochta agus a rangú i ngnáthnósanna imeachta dócmhainneachta;

(c) 

na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 45e nó in Airteagal 45f arna sloinneadh i gcomhréir le hAirteagal 45(2).

Airteagal 45i 4.
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 3 maidir le heintiteas leachtaithe seachas i gcás inar chinn an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i leith an eintitis sin i gcomhréir le hAirteagal 45c(2a), an dara fomhír. Sa chás sin, cinnfidh an t-údarás réitigh ábhar agus minicíocht na n-oibleagáidí tuairiscithe agus nochta dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo don eintiteas sin. Cuirfidh an t-údarás réitigh na hoibleagáidí tuairiscithe agus nochta sin in iúl don eintiteas leachtaithe lena mbaineann. Ní rachaidh na hoibleagáidí tuairiscithe agus nochta sin thar a bhfuil riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an cheanglais arna chinneadh de bhun Airteagal 45c(2a), an dara fomhír.
Airteagal 45i 5.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú a shonrú, mar aon leis na treoracha agus an mhodheolaíocht chun na teimpléid a úsáid, minicíocht agus dátaí an tuairiscithe, na sainmhínithe agus na réitigh teicneolaíochta faisnéise maidir leis an tuairisciú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, sonrófar bealach caighdeánaithe chun faisnéis maidir le rangú ítimí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 is infheidhme in imeachtaí náisiúnta dócmhainneachta i ngach Ballstát.

I gcás institiúidí nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b),(c ) agus (d) d'Airteagal 1(1) den Treoir seo atá faoi réir Airteagal 92a agus Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, i gcás inarb iomchuí, ailínithe leis na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 430 den Rialachán sin.

Cuirfidh ÚBE na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 45i 6.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáidí aonfhoirmeacha, an mhinicíocht agus treoracha gaolmhara don nochtadh a shonrú i gcomhréir leo a ndéanfar na nochtaí a cheanglaítear faoi mhír 3.

Leis na formáidí aonfhoirmeacha sin, cuirfear faisnéis ar leor a cuimsitheacht agus a hinchomparáideacht in iúl chun próifílí riosca na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a mheas agus a mhéid a chomhlíonann siad an ceanglas is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 45e nó Airteagal 45f. I gcás inarb iomchuí, beidh formáidí don nochtadh i bhformáid tábla.

I gcás institiúidí nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) agus (d )d'Airteagal 1(1) den Treoir seo atá faoi réir Airteagal 92a agus Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, i gcás inarb iomchuí, ailínithe leis na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 434a den Rialachán sin.

Cuirfidh ÚBE na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 45i 7.
I gcás inar cuireadh gníomhaíochtaí réitigh chun feidhme nó i gcás ina ndearnadh na cumhachtaí díluachála nó comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 a fheidhmiú, beidh feidhm ag ceanglais maidir le nochtadh poiblí dá dtagraítear i mír 3 ón spriocdháta chun ceanglais Airteagal 45e nó Airteagal 45f dá dtagraítear in Airteagal 45m a chomhlíonadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.