|
+Airteagal 45i 6. |
Airteagal 45i 6.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáidí aonfhoirmeacha, an mhinicíocht agus treoracha gaolmhara don nochtadh a shonrú i gcomhréir leo a ndéanfar na nochtaí a cheanglaítear faoi mhír 3. Leis na formáidí aonfhoirmeacha sin, cuirfear faisnéis ar leor a cuimsitheacht agus a hinchomparáideacht in iúl chun próifílí riosca na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a mheas agus a mhéid a chomhlíonann siad an ceanglas is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 45e nó Airteagal 45f. I gcás inarb iomchuí, beidh formáidí don nochtadh i bhformáid tábla. I gcás institiúidí nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) agus (d )d'Airteagal 1(1) den Treoir seo atá faoi réir Airteagal 92a agus Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, i gcás inarb iomchuí, ailínithe leis na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 434a den Rialachán sin. Cuirfidh ÚBE na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|