+Airteagal 45m Socruithe idirthréimhseacha agus iar-réitigh
---+Airteagal 45m 1.
---+Airteagal 45m 2.
---+Airteagal 45m 3.
---+Airteagal 45m 4.
---+Airteagal 45m 5.
---+Airteagal 45m 6.
---+Airteagal 45m 7.
---+Airteagal 45m 8.
|
Airteagal 45m Socruithe idirthréimhseacha agus iar-réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45m 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 45(1), cinnfidh na húdaráis réitigh idirthréimhsí iomchuí d'institiúid nó d'eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) na ceanglais in Airteagal 45e agus in Airteagal 45f a chomhlíonadh nó ceanglais atá de thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), Airteagal 45b(5) ó Airteagal 45b(7), a chomhlíonadh, mar is iomchuí. Is é an spriocdháta do na hinstitiúidí agus na heintitis na ceanglais atá in Airteagal 45e nó in Airteagal 45f a chomhlíonadh, nó ceanglais de bharr chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), Airteagal 45b(5) nó Airteagal 45b(7) a chomhlíonadh an 1 Eanáir 2024. Cinnfidh an t-údarás réitigh spriocleibhéal idirmheánach do na ceanglais atá in Airteagail 45e nó 45f, nó do cheanglas atá de thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), Airteagal 45b(5) nó Airteagal 45b(7) mar is iomchuí, nach mór d'institiúidí nó d'eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) a chomhlíonadh ar an 1 Eanáir 2022. Is ceart, de ghnáth, go n-áiritheofaí leis na leibhéil sprice idirmheánaí méadú líneach ar na cistí dílse agus ar na dliteanais incháilithe ionsar an cheanglas. Féadfaidh an t-údarás réitigh idirthréimhse a leagan síos a dtagann deireadh léi tar éis 1 Eanáir 2024 i gcás ina mbeidh údar cuí leis agus nuair is iomchuí ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 7, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(a)
forbairt staid airgeadais an eintitis;
(b)
go bhféadfaidh an t-eintiteas a áirithiú go gcomhlíonfar laistigh de thréimhse ama réasúnta na ceanglais in Airteagal 45e nó Airteagal 45f nó ceanglas atá de thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), Airteagal 45b(5) nó Airteagal 45b(7); agus
(c)
pé acu an mbeidh an t-eintiteas in ann dliteanais a chur in ionad dliteanas nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta ná aibíochta a leagtar síos in Airteagal 72b agus 72c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó in Airteagal 45b nó Airteagal 45f(2) den Treoir seo a thuilleadh, agus mura mbeidh, agus mura bhfuil, cibé acu an bhfuil an neamhábaltacht sin neamhghnách nó an bhfuil sé mar thoradh ar shuaitheadh ar fud an mhargaidh.
|
|
Airteagal 45m 2.
|
Is é an spriocdháta a chomhlíonfaidh na heintitis réitigh íosleibhéal na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45c(5) nó (6) an 1 Eanáir 2022..
|
|
Airteagal 45m 3.
|
Ní bheidh feidhm ag leibhéil íosta na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45c(5) agus Airteagal 45c(6) laistigh den tréimhse dhá bhliain tar éis:
(a)
an dáta a chuir an t-údarás réitigh an uirlis fortharrthála i bhfeidhm; nó
(b)
an dáta ar chuir an t-eintiteas réitigh beart malartach ón earnáil phríobháideach i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 32(1) lena ndearnadh ionstraimí caipitil agus dliteanais eile a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, nó ina ndearnadh na cumhachtaí díluachála nó comhshó a fheidhmiú i gcomhhréir le hAirteagal 59 i dtaca leis an eintiteas réitigh sin, chun an t-eintiteas réitigh a athchaipitliú gan uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 45m 4.
|
Ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear in in Airteagal 45b(4) agus Airteagal 45b(7) ná in Airteagal 45c(5) agus Airteagal 45c(6), mar is infheidhme, laistigh den tréimhse thrí bliana tar éis an dáta a dtosaíonn an t-eintiteas réitigh nó an grúpa a bhfuil an t-eintiteas réitigh mar chuid de a bheith aitheanta mar GSII, nó má tharlaíonn go dtosaíonn an t-eintiteas réitigh a bheith sa staid dá dtagraítear in Airteagal 45c(5) nó Airteagal 45c(6).
|
|
Airteagal 45m 5.
|
De mhaolú ar Airteagal 45(1), cinnfidh na húdaráis réitigh idirthréimhse iomchuí chun na ceanglais atá in Airteagal 45e nó in Airteagal 45f a chomhlíonadh laistigh de, nó ceanglas atá de thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), (5) nó (7) a chomhlíonadh laistigh de, de réir mar is iomchuí, d'institiúidí nó d'eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) a ndearnadh uirlisí réitigh, nó an chumhacht díluachála nó comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 a chur i bhfeidhm maidir leo.
|
|
Airteagal 45m 6.
|
Chun críocha mhír 1 go mír 5, cuirfidh údaráis réitigh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) ar an eolas faoin íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe atá pleanáilte do gach tréimhse 12 mhí le linn na hidirthréimhse d'fhonn an acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin atá ag an institiúid nó ag an eintiteas a mhéadú de réir a chéile. Ag deireadh na hidirthréimhse, beidh an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe cothrom leis an méid a chinnfear faoi Airteagal 45b(4), (5) nó (7), Airteagal 45c(5) nó (6) nó Airteagal 45e nó Airteagal 45f mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 45m 7.
|
Agus na hidirthréimhsí á chinneadh acu, cuirfidh na húdaráis réitigh an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
leitheadúlacht taiscí agus neamhláithreacht ionstraimí fiachais sa tsamhail chistiúcháin;
(b)
an rochtain ar na margaí caipitil le haghaidh dliteanais incháilithe;
(c)
méid a bhraitheann an t-eintiteas réitigh ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun freastal ar an gceangal dá dtagraítear in Airteagal 45e.
|
|
Airteagal 45m 8.
|
Faoi réir mhír 1, ní chuirfear cosc ar an mBord athbhreithniú a dhéanamh, ina dhiaidh sin, ar an idirthréimhse nó ar aon íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe pleanáilte a cuireadh in iúl faoi mhír 6.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|