+Airteagal 89 2.

Airteagal 89 2.

Déanfaidh an coláiste réitigh Eorpach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na feidhmeanna agus na cúraimí a shonraítear in Airteagal 88 i dtaca leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, sa mhéid is go bhfuil na cúraimí sin ábhartha, i dtaca leis na brainsí.

Cuimseofar sna cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo leagan amach an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45 go hAirteagal 45h.

Nuair a bheidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45 go hAirteagal 45h á leagan amach cuirfidh comhaltaí an choláiste réitigh Eorpaigh san áireamh an straitéis réitigh dhomhanda, más ann di, arna glacadh ag údaráis tríú tír.

I gcás nach eintitis réitigh iad fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas nó máthairghnóthas an Aontais agus a cuid fo-institiúidí i gcomhréir leis an straitéis réitigh dhomhanda, agus i gcás ina gcomhaontaíonn comhaltaí an choláiste réitigh Eorpaigh leis an straitéis sin, comhlíonfaidh fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas nó, ar bhonn comhdhlúite, máthairghnóthas an Aontais ceanglas Airteagal 45f(1) trí ionstraimí a eisiúint dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 45f(2) dá máthairghnóthas deiridh atá bunaithe i dtríú tír, nó d'fhochuideachtaí an mháthairghnóthais deiridh sin atá bunaithe sa tríú tír chéanna nó d'eintitis eile faoi na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe (a)(i) agus i bpointe (b)(ii) d'Airteagal 45f(2).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.