+Airteagal 108 Rangú in ordlathas dócmhainneachta
---+Airteagal 108 1.
---+Airteagal 108 2.
---+Airteagal 108 3.
---+Airteagal 108 4.
---+Airteagal 108 5.
---+Airteagal 108 6.
---+Airteagal 108 7.
|
Airteagal 108 Rangú in ordlathas dócmhainneachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 108 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, ina ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta:
(a)
go mbeidh an rangú tosaíochta céanna, arb airde é ná an rangú a sholáthraítear do na héilimh ghnáthchreidiúnaithe neamhurraithe, ag an méid seo a leanas:
(i)
an chuid sin de thaiscí incháilithe ó dhaoine nadúrtha agus ó mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Threoir 2014/49/AE;
(ii)
taiscí a bheadh ina dtaiscí incháilithe ó dhaoine nadúrtha agus ó mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide murach gur taisceadh iad trí bhrainsí a bhí suite lasmuigh den Aontas d’institiúidí atá suite laistigh den Aontas.
(b)
tá an rangú tosaíochtaí céanna, arb airde é ná an rangú dá bhforáiltear faoi phointe (a) ag an méid seo a leanas:
(ii)
scéimeanna ráthaithe taiscí a dhéanann seachaíocht ar chearta agus oibleagáidí taisceoirí cumhdaithe i gcás dócmhainneachta.
|
|
Airteagal 108 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1), gurb airde an rangú tosaíochta atá ag gnáthéilimh neamhurraithe, ina ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná mar atá ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
1 bhliain ar a laghad atá in aibíocht chonarthach bhunaidh na n-ionstraimí fiachais;
(b)
níl díorthaigh leabaithe ag na hionstraimí fiachais agus ní díorthaigh iontu féin iad;
(c)
tagraítear go sonrach sa doiciméadacht chonarthach ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire a bhaineann le heisiúint don rangú níos ísle faoin mír seo.
|
|
Airteagal 108 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit gurb airde an rangú tosaíochta atá ina dlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, ná mar atá ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 48(1).
|
|
Airteagal 108 4.
|
Gan dochar do mhír 5 ná do mhír 7, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, mar a glacadh ar an 31 Nollaig 2016 iad, maidir leis an rangú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta i dtaca le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag eintitis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1) den Treoir seo, roimh an dáta a dtiocfaidh bearta faoin dlí náisiúnta i bhfeidhm lena dtrasuítear Treoir (AE) 2017/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
16
).
|
|
Airteagal 108 5.
|
I gcás inar ghlac Ballstát, tar éis an 31 Nollaig 2016 agus roimh 28 Nollaig 2018,dlí náisiúnta lena rialaítear an rangú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta i dtaca le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint tar éis dháta theacht i bhfeidhm dlí náisiúnta den sórt sin, ní bheidh feidhm ag mír 4 den Airteagal seo maidir le héilimh de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint tar éis dháta theacht i bhfeidhm an dlí náisiúnta sin, ar choinníoll go gcomhlíontar an méid seo a leanas:
(a)
faoin dlí náisiúnta sin, agus i gcás eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1), gurb airde an rangú tosaíochta a bhíonn ag gnáthéilimh neamhurraithe, i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná mar a bhíonn ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(i)
1 bhliain ar a laghad atá in aibíocht chonarthach bhunaidh na n-ionstraimí fiachais;
(ii)
níl díorthaigh leabaithe ag na hionstraimí fiachais agus ní díorthaigh iontu féin iad; agus
(iii)
tagraítear go sonrach sa doiciméadacht chonarthach ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire a bhaineann le heisiúint, don rangú níos ísle faoin dlí náisiúnta;
(b)
faoin dlí náisiúnta sin, is airde an rangú tosaíochta a bhíonn ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) den fhomhír seo, i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná mar a bhíonn ag éilimh de thairbhe ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 48(1).
Ar an dáta a dtiocfaidh bearta faoin dlí náisiúnta i bhfeidhm lena trasuítear Treoir (AE) 2017/2399 , beidh an rangú tosaíochta céanna ag na héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, agus atá ag an gceann dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 108 6.
|
Chun críocha phointe (b) de mhír 2 agus phointe (a)(ii) den chéad fhomhír de mhír 5, ionstraimí fiachais a bhfuil ús athraitheach acu, a dhíorthaítear ó ráta tagartha a úsáidtear go forleathan agus ionstraimí fiachais nach bhfuil ainmnithe in airgeadra intíre an eisitheora, ní mheasfar, díreach mar gheall ar na gnéithe sin amháin, gur ionstraimí fiachais iad a bhfuil díorthaigh leabaithe acu, ar choinníoll go ndéantar an bunairgead, an aisíocaíocht agus an t-ús a ainmniú san airgeadra céanna.
|
|
Airteagal 108 7.
|
I gcás na mBallstát inar glacadh roimh an 31 Nollaig 2016 dlí náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ina ndéantar gnáthéilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1) a roinnt ina dhá rangú tosaíochta éagsúla nó níos mó, nó i gcás ina n-athraítear an rangú tosaíochta maidir le gnáthéilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais den chineál sin i dtaca le gach gnáthéileamh neamhurraithe eile den rangú céanna, féadfaidh siad foráil a dhéanamh go bhfuil an rangú céanna ag ionstraimí fiachais ag a bhfuil an rangú tosaíochta is ísle i measc na n-éileamh neamhurraithe agus atá ag na héilimh a chomhlíonann coinníollacha phointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|