+Airteagal 9c Litreacha i dtaca le gan gníomhú
---+Airteagal 9c 1.
---+Airteagal 9c 2.
---+Airteagal 9c 3.
---+Airteagal 9c 4.

Airteagal 9c Litreacha i dtaca le gan gníomhú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9c 1.

Ní dhéanfaidh an tÚdarás na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach amháin faoi chúinsí eisceachtúla nuair a mheasann sé gur baol i gcás ceann amháin de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó i gcás aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme atá bunaithe ar na na gníomhartha sin, gur dócha go dtarraingeofaí saincheisteanna móra anuas ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a) 

má mheasann an tÚdarás go bhféadfadh na forálacha atá sa ghníomh sin a bheith ar neamhréir lom díreach le gníomh ábhartha eile,

(b) 

i gcás inar gníomh de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) atá sa ghníomh, dá mbeadh gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme in easnamh, gníomhartha lena ndéanfaí an gníomh lena mbaineann a chomhlánú nó a shonrú, bheadh amhras dlisteanach ann maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla a d’eascródh ón ngníomh reachtach nó ó chur i bhfeidhm an ghnímh mar is ceart;

(c) 

bheadh deacrachtaí praiticiúla ann de dheasca treoirlínte agus moltaí a bheith in easnamh faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16 maidir le cur i bhfeidhm an ghnímh reachtach ábhartha.

Airteagal 9c 2.
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an tÚdarás cuntas mionsonraithe do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún ar na saincheisteanna a mheasann sé a bheith ann , agus is i scríbhinn a dhéanfaidh sé sin.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, tabharfaidh an tÚdarás tuairim don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtach nua nó gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag roinnt leis an gceist dar leis an Údarás. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an tÚdarás meastóireacht a luaithe is féidir ar an ngá atá le treoirlínte nó moltaí ábhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.

Déanfaidh an tÚdarás gníomh go pras, go háirithe d’fhonn rannchuidiú leis na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 1 a chosc, aon uair is féidir sin.

Airteagal 9c 3.
Nuair is gá i gcásanna dá dtagraítear i mír 1, agus go dtí go nglacfar agus go gcuirfear i bhfeidhm bearta nua de réir na mbeart dá dtagraítear i mír 2, eiseoidh an tÚdarás tuairimí maidir le forálacha sonracha de na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 d’fhonn cleachtais mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a chur chun cinn, agus fós d’fhonn dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach.
Airteagal 9c 4.
Más rud é, ar bhonn na faisnéise a gheofar, go háirithe ó údaráis inniúla, go measann an tÚdarás, maidir le haon ceann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó aon cheann de na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme atá bunaithe ar na gníomhartha reachtacha sin, go bhfuil saincheisteanna eisceachtúla suntasacha ann a bhaineann leis an méid seo a leanas: ontaoibh sa mhargadh, cosaint don tomhaltóir, don chustaiméir nó don infheisteoir, feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó na margaí tráchtearraí, nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid den chóras airgeadais san Aontas, cuirfidh sé cuntas mionsonraithe i scríbhinn gan mhoill chuig na húdaráis inniúla agus chuig an gCoimisiún faoi na saincheisteanna is dóigh leis a bheith ann. Féadfaidh an tÚdarás tuairim a chur in iúl don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtach nua nó togra le haghaidh gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag baint leis an gceist. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.