|
+Airteagal 21 2. |
Airteagal 21 2.Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir lena áirithiú go bhfeidhmíonn na coláistí maoirseoirí go comhsheasmhach ar mhaithe le hinstitiúidí airgeadais trasteorann ar fud an Aontais, agus aird á tabhairt ar an riosca sistéamach atá ann i leith institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23 agus tionólfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, cruinniú coláiste. Chun críche na míre seo agus chun críche mhír 1 den Airteagal seo, measfar gur “údarás inniúil” é an tÚdarás de réir bhrí na reachtaíochta ábhartha. Féadfaidh an tÚdarás:
(a)
an fhaisnéis ábhartha go léir a bhailiú agus a pháirtiú i gcomhar leis na húdaráis inniúla chun obair an choláiste a éascú agus chun córas lárnach a bhunú agus a bhainistiú chun go mbeidh rochtain ag na húdaráis inniúla sa choláiste ar an bhfaisnéis sin;
(b)
tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 32 chun cumas na n-institiúidí airgeadais a mheas, go háirithe an riosca sistéamach atá ann i leith na n-institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23, i ndáil le déileáil le forbairtí dochracha margaidh, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú ar an riosca sistéamach i staideanna struis, á áirithiú go gcuirfear modheolaíocht chomhsheasmhach i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin agus, i gcás inarb iomchuí, chun moladh a dhíriú ar an údarás inniúil chun saincheisteanna a shainaithnítear sa tástáil struis a cheartú, lena n-áirítear moladh measúnuithe sonracha a dhéanamh. Féadfaidh sé a iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair chun inchomparáideacht agus iontaofacht na modhanna, na gcleachtas agus na dtorthaí measúnuithe uile-Aontais a áirithiú;
(c)
gníomhaíochtaí maoirseachta éifeachtacha agus éifeachtúla a chur chun cinn, lena n-áirítear na rioscaí a dtagann institiúidí airgeadais faoina lé nó a bhféadfadh institiúidí airgeadais teacht faoina lé a mheas, de réir mar a chinntear faoin bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta nó i staideanna struis;
(d)
i gcomhréir leis na cúraimí agus na cumhachtaí a shonraítear sa Rialachán seo, formhaoirseacht a dhéanamh ar na cúraimí a chuireann na húdaráis inniúla i gcrích; agus
(e)
a iarraidh go ndéanfadh coláiste tuilleadh plé in aon chásanna ina measann sé gurb é a leanfadh as an gcinneadh ná cur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais nó nach rannchuideodh an cinneadh sin leis an gcuspóir a bhaineann le cóineasú na gcleachtas maoirseachta. Féadfaidh sé freisin a cheangal ar mhaoirseoir an ghrúpa cruinniú a shocrú don choláiste nó mír a chur le clár oibre cruinnithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|