|
+Airteagal 31 2. |
Airteagal 31 2.Cuirfidh an tÚdarás freagairt chomhordaithe de chuid an Aontais chun cinn, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, inter alia:
(a)
malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla a éascú;
(b)
cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme na faisnéise is ceart a chur ar fáil do na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, iontaofacht na faisnéise a fhíorú;
(c)
gan dochar d’Airteagal 19, idirghabháil neamh-cheangailteach a dhéanamh, arna iarraidh sin ag údaráis inniúla nó ar a thionscnamh féin;
(d)
fógra a thabhairt do BERS, don Chomhairle agus don Choimisiún gan mhoill maidir le haon staideanna éigeandála fhéideartha;
(e)
bearta iomchuí a dhéanamh i gcás forbairtí a d’fhéadfadh feidhmiú na margaí airgeadais a chur i mbaol d’fhonn na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis inniúla ábhartha a chomhordú;
(ea)
bearta iomchuí a dhéanamh chun gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis inniúla ábhartha a chomhordú d’fhonn cead isteach sa mhargadh a éascú do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar an nuálaíocht theicniúil;
(f)
lárchoimeád a dhéanamh ar fhaisnéis a fhaightear ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 35 mar thoradh ar na hoibleagáidí tuairiscithe rialála atá ann d'institiúidí. Déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis sin a roinnt leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|