+Airteagal 33 Caidreamh idirnáisiúnta lena n-áirítear coibhéis
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Article 33 4.
---+Airteagal 33 5.
---+Airteagal 33 6.

Airteagal 33 Caidreamh idirnáisiúnta lena n-áirítear coibhéis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 33 1.
Gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh an tÚdarás teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis rialála, mhaoirseachta agus, i gcás inarb infheidhme le húdaráis réitigh, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le lucht riaracháin tríú tír. Ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla leis na socruithe sin i leith an Aontais agus a Bhallstát, ná ní choiscfidh siad Ballstáit agus a n-údaráis inniúla ó shocruithe déthaobhacha ná ó shocruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha sin.
Airteagal 33 2.
Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Airteagal 33 3.
Déanfaidh an tÚdarás faireachán, agus aird faoi leith á tabhairt aige ar a n-impleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí agus fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar fhorbairtí ábhartha rialála, maoirseachta agus, i gcás inarb infheidhme, réitigh, ar chleachtais forfheidhmiúcháin, agus ar fhorbairtí sa mhargadh i dtríú tíortha, a mhéid is ábhartha iad do mheasúnuithe riosca-bhunaithe coibhéise, ar ina leith a ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Ina theannta sin, fíoróidh sé an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a ndearadh na cinntí coibhéise sin agus ar a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós.

Féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha sna tríú tíortha. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an Údaráis Mhaoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí)ina ndéanfar achoimre ar na torthaí maidir leis na gníomhaíochtaí faireacháin a rinneadh ar gach tríú tír choibhéiseach. Leagfar béim go háirithe sa tuarascáil ar na himpleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí ábhartha maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó, i gcás inarb infheidhme, réitigh, nó na cleachtais forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear sa mhír seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh, ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill mhíchuí.

Article 33 4.

Without prejudice to specific requirements set out in the legislative acts referred to in Article 1(2) and subject to the conditions set out in the second sentence of paragraph 1 of this Article, the Authority shall cooperate where possible with the relevant competent authorities, and where applicable, also with resolution authorities, of third countries whose regulatory and supervisory regimes have been recognised as equivalent. In principle, that cooperation shall be pursued on the basis of administrative arrangements concluded with the relevant authorities of those third countries. When negotiating such administrative arrangements, the Authority shall include provisions on the following:

(a) 

the mechanisms which allow the Authority to obtain relevant information, including information on the regulatory regime, the supervisory approach, relevant market developments and any changes that may affect the equivalence decision;

(b) 

to the extent necessary for the follow-up of such equivalence decisions, the procedures concerning the coordination of supervisory activities including, where necessary, on-site inspections.

The Authority shall inform the Commission where a third-country competent authority refuses to conclude such administrative arrangements or when it refuses to effectively cooperate.

Airteagal 33 5.
Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. Déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.

Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis mhaoirseachta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an faireachán a rinne an tÚdarás i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 33 6.
Cuirfidh an tÚdarás, de réir na gcumhachtaí atá aige de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), cuirfidh sé le hionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais sna fóraim idirnáisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.